Yeats: The Life and Works of William Butler Yeats

Maidir leis an taispeántas

Osclaíodh an taispeántas, Yeats: The Life and Works of William Butler Yeats, ar cuireadh síos air inThe Irish Times mar "one of the most important literary exhibitions yet staged internationally", ar an 25 Bealtaine 2006, agus ghnóthaigh sé ardmholadh láithreach.

Ó shin, bhain níos mó ná 100,000 duine, idir óg agus aosta, agus gach náisiúntacht sult as eispéireas saibhir ilmheán an taispeántais rathúil seo.

 

Turais threoraithe ‘buail isteach’ saor in aisce

Dé Céadaoin 1 i.n.

Dé Sathairn 11 r.n. & 3 i.n.  

Is féidir dul ar thurais ghrúpa ach coinne a dhéanamh - glaoigh ar (01) 6030346 nó seol ríomhtheachtaireacht chuig yeats@nli.ie chun do chuairt a eagrú.

Gradaim:

Association of Heritage Interpretation: Interpret Britain and Ireland Award (Samhain 2006)

CLÉ (Cumann Leabharfhoilsitheoirí Éireann): Gradam don Chur i Láthair Foriomlán is Fearr i gcomhair an leabhair a théann leis an taispeántas, Works and Days (Eanáir 2007)

Irish Digital Media Awards: Best Business to Consumer Innovation Award (as scáileáin tadhaill ilmheán a úsáid sa taispeántas) (Eanáir 2008)

Institute of Irish Designers Awards: Ardmholadh, Amharc-Chumarsáid: Litríocht/Foilseacháin Fógraíochta (do My Yeats)

Moltaí:

Gradam ríomh-Rialtais Education Ireland 2009 (láithreán Gréasáin ar an ngearrliosta)

Gradam Mhúsaem Eorpach na Bliana 2009 (taispeántas ar an ngearrliosta)

Chun dul ar thuras fíorúil den taispeántas, tabhair cuairt ar leathanach baile Thaispeántas Yeats a bhain gradam amach.

Freisin féadann tú do chuid eolais ar dhrámaí Yeats a thástáil le tráth na gceist ó The Guardian!

Ar ais chuig Taispeántais Reatha.



Eagraíodh an taispeántas Yeats le tacaíocht fhlaithiúil ó Anglo Irish Bank.