The Picture of Dorian Gray

Ón Máirt, an 30 Márta go dtí an Aoine, an 30 Aibreán

Mar chuid de cheiliúradh Dublin: One City, One Book, a dhíríonn ar úrscéal aonair Oscar Wilde, The Picture of Dorian Gray, beidh taispeántas beag d’eagráin stairiúla agus neamhghnácha den leabhar i bpríomhfhoirgneamh na Leabharlainne i rith mhí Aibreáin.

The Picture of Dorian Gray - Dublin: One City One Book 2010The Picture of Dorian Gray - Dublin: One City One Book 2010

Beidh cóip uathúil d’eagrán Iúil 1890 de Lippincott's Monthly Magazine, inar foilsíodh an chéad eagrán den scéal, sa taispeántas, chomh maith le heagráin éagsúla den téacs níos faide ó 1891. Léiríonn na heagráin seo ar fad stair foilsitheoireachta shuimiúil an tsaothair. Ina theannta sin, tá roinnt aistriúcháin a rinneadh ar an saothar ar taispeáint, mar aon le hathchóirithe suimiúla, idir scéal leantach agus úrscéal grafach.

Tabharfar dhá léacht i gcomhar leis an taispeántas agus le One City One Book. Féach an leathanach Imeachtaí Reatha chun tuilleadh eolais a fháil.

Ar ais chuig Taispeántais Reatha