Tall Tales & Deadly Drawings: Scéalta do Bhuachaillí & do Chailíní ag LNÉ

Tír lán de scéalta agus de scéalaithe í Éire. Tá a neadacha féin ar sheilfeanna na Leabharlainne Náisiúnta ag na scéalta sin a scríobhadh síos i gcaitheamh na mblianta. Beidh páistí ó 8 go 80 bliana d’aois in ann teacht ar chuid de na leabhair ar gheal leo a bheith á léamh an tseachtain seo caite nó i bhfad ó shin ag Tall Tales and Deadly Drawings, agus feicfidh siad leabhair eile nár bhain siad taitneamh astú fós.

Tar ar thuras trí dhomhan draíochta na scéalta do leanaí, fág do chuimhní faoin scéal is fearr leat sa Leabhar Oscailte, tosaigh scéal nua ag an Stáisiún Inspioráide - agus féach cé mhéad carachtar atá éalaithe amach as an taispeántas agus atá le fáil ar fud na Leabharlainne sna háiteanna deireanacha a mbeifeá ag súil leo.

Tá an taispeántas bunaithe i bPríomhhalla na Leabharlainne, agus beidh sé ar siúl i rith 2011.