Aimsigh do Learbhlann Náisiúnta

Osclaíonn seo ar an 20 Eanáir 2010

Maidir leis an taispeántas:

Tugann taispeántas nua na Leabharlainne Náisiúnta, Léargas ar do Leabharlann Náisiúnta, cuireadh do chuairteoirí féachaint taobh thiar de bhailiúcháin shaibhre éagsúla na Leabharlainne agus léargas a fháil orthu, agus bualadh leis an bhfoireann a thugann aire dóibh. Ag baint úsáide as teicneolaíocht nuálaíoch an taispeántais, is féidir le cuairteoirí féachaint ar na míreanna is fearr ó bhailiúcháin na Leabharlainne agus míreanna aonair a scrúdú go grinn.

Gníomhas a shínigh an Ridire Walter Raleigh, 1588 Gníomhas a shínigh an Ridire Walter Raleigh, 1588

I measc na ndéantús atá le feiceáil faoi láthair (athrófar míreanna an taispeántais trí huaire in aghaidh na bliana) tá lámhscríbhinní neamhchoitianta cosúil le Leabhar Magauran ón gceathrú haois déag; gníomhas 1588 a shínigh an Ridire Walter Raleigh; ticéad crannchuir ón mbliain 1795, agus litir ó Éamonn Ceannt chuig a bhean chéile Áine O’Brennan, nár scríobhadh ach cúpla uair an chloig sular cuireadh chun báis é i 1916. Tá na mílte míreanna digiteacha eile ag fanacht le go ndéanfaidh cuairteoirí taiscéaladh orthu ag boird tadhaill ‘Fionnachtain’ urscothacha. Is féidir le cuairteoirí sampla den teicneolaíocht seo a fháil ina dteach féin má leantar an nasc seo (b’fhéidir go mbeidh na bogearraí saor in aisce Silverlight de dhíth): 

Lainseáil an Taispeántas Fionnachtana Ar Líne (osclóidh sé seo i bhfuinneog nua)

Is féidir leat léamh faoin taispeántas in Eagrán 38 de NLI News. Nó féach ár bpreaseisiúint.

Leanann taispeántas eile na Leabharlainne, Yeats: the Life and Works of William Butler Yeats ar aghaidh.

Tá Léargas ar do Leabharlann Náisiúnta lonnaithe ag 2/3 Sráid Chill Dara, thart ar 100m síos an tsráid ó phríomhfhoirgneamh na Leabharlainne.

Féach Uaireanta Oscailte:

Ar ais chuig Taispeántais Reatha