Taispeántas Percy French

Seanoifig na Stiúrthóirí, Príomhfhoirgneamh na Leabharlainne

Déardaoin 27 Deireadh Fómhair -

Tá clú ar Percy French (1854-1920) as a scríobh amhrán, a iriseoireacht agus a chuid péintéireachta. Tá cáil ar leith air mar gheall ar amhráin amhail ‘Are ye Right There Michael’ agus ‘The Mountains of Mourne’. Idir 1889-1890 chuir sé The Jarvey, tréimhseachán greannmhar seachtainiúil, in eagar agus scríobh sé dó. Tugtar léargas beoga sa tréimhseachán ar an saol sa tréimhse seo.

Is é gné láir an taispeántais seo ná eagrán macasamhlach athchóirithe 10 n-imleabhar de The Jarvey. Fuair Cumann Percy French CD-ROM den Jarvey bunaidh, ina raibh íomhánna fótagrafacha de na 104 eagrán uile, ón Leabharlann Náisiúnta. Ansin chuir an Cumann tús, faoi stiúradh an Uasail David McShane, le tasc fada (agus costasach!), is é sin an t-ábhar seo a ullmhú, a ghlanadh agus a athchóiriú. Thóg sé seo níos mó ná 6 bliana. Bronnfar sraith den Jarvey athchóirithe ar an Leabharlann Náisiúnta.

The JarveyThe Jarvey

Tá bunchóip The Jarvey ó Bhailiúcháin Chlóbhuailte & Amhairc na Leabharlainne Náisiúnta á taispeáint freisin.

 Díreoidh an taispeántas ar scríobh amhrán agus phictiúir uiscedhatha de chuid French freisin agus beidh cás taispeántais ar leith ar fáil don dá ghné seo dá ghairmréim.

Ar ais chuig Taispeántais Reatha