In Search of Ireland, 1913

14 Samhain 2007 - 11 Feabhra 2008.
An Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta, Barra an Teampaill

In search of Ireland, 1913 ar iasacht don Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta.Thóg beirt bhan as an Fhrainc, Marguerite Mespoulet agus Madeleine Mignon-Alba, na híomhánna i 1913. Seo iad na chéad ghrianghraif daite a tógadh in Éirinn. Bhain siad úsáid as plátaí daite uathchróim a bhí ar fáil as an nua.

Thug na grianghrafadóirí a bhí nua ag an gceird cuntas ar an saol agus ar láithreáin stairiúla ar a dturas dhá mhí ar fud na hÉireann a thug ó Chonamara iad go dtí Gleann na BóinneTháinig siad go hÉirinn chun páirt a ghlacadh i dtionscadal domhanda dar teideal ‘the Archives of the Planet’.Ba é an baincéir Francach agus an daonchara Albert Kahn a smaoinigh ar an tionscadal agus a raibh sé mar aidhm aige 'fardal grianghrafadóireachta a thiomsú de dhromchla an domhain de réir mar a bhí sé i seilbh agus á eagrú ag an duine daonna ag tús na 20ú haois."

Bhí Kahn dílis don tsíocháin agus chreid sé go bhféadfadh sé an bailiúchán grianghrafadóireachta seo a chur ag obair chun tuiscint níos fearr a chothú i measc daoine ar fud an domhain. Idir 1909 agus 1931 chaith sé airgead mór ag cur grianghrafadóirí amach chuig breis is 50 tír ar gach mór-roinn; ba é an misean a bhí acu ná gnéithe de shaol a bhí ag imeacht le sruth a thaifeadadh áit ar chreid Kahn go raibh athruithe móra polaitiúla agus sóisialta faoi lán seoil nó ar tí tarlú.

In Search of Ireland, 1913In Search of Ireland, 1913

Idir 1909 agus 1931 chuir grianghrafadóirí Kahn thart ar 72,000 grianghraf daite le chéile agus 100 uair an chloig de scannánaíocht in áiteanna sa tSín, Vítneam, in India, san Iaráin agus san Iaráic agus sna Stáit Bhaltacha, sa Tuirc agus in Éirinn.

Is féidir le cuairteoirí ar an taispeántas breathnú chomh maith ar Not Fade Away - clár faisnéise RTÉ faoi Madeline Mignon agus Marguerite Mespoulet - chomh maith le dhá ghearrphíosa faoi bhailiúchán Albert Kahn.

Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig photoarchive@nli.ie.
Féach freisin: Uaireanta Oscailte; Cá Bhfuilimid?

Ar ais chuig Taispeántais Reatha.