Léargas ar do Leabharlann Náisiúnta

Maidir leis an taispeántas:

Tugann taispeántas ilmheán na Leabharlainne Náisiúnta, Léargas ar do Leabharlann Náisiúnta, cuireadh duit féachaint taobh thiar de bhailiúcháin shaibhre éagsúla na Leabharlainne agus scéal a chloisteáil ón bhfoireann a thugann aire dóibh. Má úsáideann tú ár dtáblaí nuálacha teagmhála ‘Léargas’ féadfaidh tú zúmáil isteach ar mhionsonraí na seod tearc álainn seo.

Bí linn agus féach ar lámhscríbhinní atá 700 bliain d'aois, ar ghrianghraif a tógadh de dhíshealbhú san 19ú haois, ar mhaisiúcháin a rinne cuid de na maisitheoirí is fearr in Éirinn i leabhair do leanaí, agus ar ár dtaispeántas speisialta maidir le seoda ar chaith daoine uathu iad. Is éard atá sa taispeántas seo ná sraith thaispeántas sealadach atá nasctha le chéile a léiríonn saibhreas ár mbailiúchán agus a chuirtear ar siúl ndiaidh a chéile. Stair Chumann na Scríbheann nGaedhilge atá ar taispeáint faoi láthair.

Turas

Is féidir le baill an phobail turas saor in aisce a thabhairt ar an taispeántas ag 2:30 gach tráthnóna Dé Máirt. 

Defensorium

Cliceáil ar an PDF chun leagan níos iomláine a fháil den alt in NLI News faoin lámhscríbhinn Ghearmánach ón 15ú haois atá le fáil sa Taispeántas ‘Léargas’. Defensorium inviolatae virginitatis beatae Mariae Defensorium inviolatae virginitatis beatae Mariae.pdf (0 MB, Adobe PDF)

Lainseáil an Taispeántas ‘Léargas’ Ar Líne (osclófar seo i bhfuinneog nua)

Tá Léargas ar do Leabharlann Náisiúnta suite ag 2/3 Sráid Chill Dara, thart ar 100m síos an tsráid ó phríomhfhoirgneamh na Leabharlainne.

Féach Uaireanta Oscailte.

Ar ais chuig Taispeántais Reatha