Discover Lifelines: litreacha ó dhaoine cáiliúla maidir leis na dánta is fearr leo
Taispeántas chun comóradh a dhéanamh ar 25 bliain den tionscadal Lifelines.
Déanann an taispeántas ceiliúradh ar an tionscadal Lifelines, a tosaíodh i 1985 nuair a mhol an múinteoir Béarla Niall MacMonagle dá rang Cúigiú Bliana i gColáiste Wesley, Baile Átha Cliath, rud éigin a dhéanamh le cabhrú leo siúd a bhí ag fulaingt san Afraic. Scríobh siad chuig daoine cáiliúla agus d’iarr siad orthu an dán ab fhearr leo a ainmniú, agus fáth a thabhairt leis. Rinneadh na freagraí a thiomsú i leabhrán simplí, agus díoladh gach ceann acu laistigh de dhá lá. Foilsíodh leabhráin bhreise, a thiomsaigh daltaí ó Choláiste Wesley freisin, i 1988, 1990 agus 1992.
Mar thoradh ar an rath a bhí ar na leabhráin, foilsíodh leabhar Lifelines i 1992, ina raibh brollach ag Seamus Heaney. Tháinig Lifelines 2 amach i 1994, agus Lifelines 3 i 1997. D’fhoilsigh Penguin rogha dánta ó Lifelines i 1993, agus d’fhoilsigh Townhouse imleabhar eile, eagrán Nua agus Bailithe, in 2006. Faoin mbliain 2006, bhí níos mó ná €100,000 bailithe do Concern ó dhleachtanna na n-eagrán éagsúil, le hobair na heagraíochta a mhaoiniú sna tíortha i mbéal forbartha.
Cheannaigh an Leabharlann na bunlitreacha a bhí mar chuid den chéad fhoilseachán Lifelines agus bronnadh an t-airgead ar Concern. Ina dhiaidh sin, bhronn Coláiste Wesley gach comhfhreagras, grianghraf agus ábhar cartlainne gaolmhar eile ar an Leabharlann. Taispeánann an taispeántas Discover Lifelines i bpríomh-halla na Leabharlainne litreacha ón gcartlann seo ó scríbhneoirí, filí, aisteoirí, ealaíontóirí, daoine sna meáin agus polaiteoirí.
Leanfaidh an taispeántas ar aghaidh i rith na bliana 2010.
Féach Uaireanta Oscailte
Ar ais chuig Taispeántais Reatha