Bailiúcháin na hÉireann 1922 -
Tá bailiúchán cuimsitheach ag an Leabharlann d'fhoilseacháin oifigiúla Phoblacht na hÉireann, lena mbaineann Díospóireachtaí Dála agus Seanaid, Billí agus Achtanna an Oireachtais, foilseacháin gach Roinn Rialtais agus de chuid údarás poiblí faoi leith.
An Ríocht Aontaithe 1800 -
Tá an bailiúchán seo beagnach iomlán anuas go dtí an bhliain 1979. Ní bhfaigheann an Leabharlann ina dhiaidh sin (agus anuas go dtí an lá inniu) ach amháin Achtanna, Ionstraimí Reachtúla agus Díospóireachta Parlaiminteacha Hansard. Tá roinnt míreanna sa bhailiúchán freisin ó bhlianta roimh 1800, ar nós Iriseán agus Cuntas Díospóireachtaí, agus sean-Reachtanna na Ríochta.
Parlaimint na hÉireann roimh 1800
Tá bailiúchán cuimsiteach d'fhoilseacháin na Parlaiminte ag an Leabharlann.
Tuaisceart Éireann 1920 -
Is í aidhm na Leabharlainne gach ní a fhoilsítear i dTuaisceart Éireann a bhailiú, agus tá bailiúchán mór, ach ceann neamhiomlán, d'Fhoilseacháin Oifigiúla Thuaisceart Éireann aici. Taisclanna eile in Éirinn ina bhfaightear Foilseacháin Oifigiúla Thuaisceart Éireann is iad Oifig Taifid Phoiblí Thuaisceart Éireann agus Leabharlann Halla an Línéadaigh, a bhfuil bailiúchán Polaitiúil de chuid Thuaisceart Éireann aici.
Idirnáisiúnta - go príomha ón 20ú haois i leith
Feidhmíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann mar leabharlann taisclainne do na heagrais idirnáisiúnta seo a leanas:
AE- An tAontas Eorpach, lena n-áiríear foilseacháin Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (1957-1967), an Chomhphobail Eorpaigh (1967-1993), an Choimisiún Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa agus na Cúirte Breithiúnais Eorpaí.
COE - Comhairle na hEorpa
NA - Náisiúin Aontaithe
OECD - an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta
UNESCO - Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe
FAO - Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiúin Aontaithe
ILO - an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair
IAEA - an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach
WHO - an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte
WTO - an Eagraíocht Dhomhanda Trádála
OSCE - an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip