Bailiúchán Ginearálta

Stóráiltear an chuid den Bhailiúchán Ginearálta roimh an mbliain 2001 (gan aon réimír, nó leis an réimír G), lasmuigh den láthair den chuid is mó, cé is moite de na seichimh seo a leanas:300-399; 900-92. Tá siad seo i bpríomhfhoirgneamh na Leabharlainne.(I gcleachtadh, cuimsíonn an Bailiúchán Ginearálta a lán ábhar faoi chúrsaí na hÉireann; mar shampla, mórán leabhar a clóbhuaileadh in Éirinn, agus leabhair le húdair Éireannacha maidir le réimse ábhar nach ábhar Éireannach go sonrach é.) Dúnadh na seichimh Dewey ag deireadh na bliana 2000.

Cuirtear gach leabhar a catalógaíodh ó shin i leith (seachas leabhair thagartha agus iad siúd do na Bailiúcháin Speisialta) leis an mbailiúchán leanúnach a gcuirtear síos air thuas.

Ar ais go dtí Bailiúcháin Leabhar.