Paimfléid - Thorpe agus Loch Feá

Thorpe

Áirítear le Bailiúchán Leabharlann an RDS a aistríodh chuig an Leabharlann Náisiúnta an tacar 300 Paimfléad Thorpe. Cheannaigh an RDS iad ón díoltóir leabhar thall i Londain, Thomas Thorpe, sa bhliain 1840, agus baineann siad le gnóthaí polaitiúla Éireannacha sa tréimhse 1629-1758. Tá an bailiúchán seo ar fáil ar mhicrifís sa phríomh-leabharlann. Tarraingíodh siar na bhunchóipeanna ar chúiseanna caomhnúcháin.

Loch Feá

Díoladh cuid de leabharlann mhuintir Shirley ó Loch Feá, Co. Mhuineacháin thiar sa bhliain 1924. Cheannaigh an Leabharlann Náisiúnta roinnt céadta de mhíreanna lenar áiríodh tacar paimfléad Loch Feá. Tagann na 300 paimfléad seo ó ré Chromaill. Tá an bailiúchán seo ar fáil ar mhicrifís.

Ar ais go dtí Bailiúcháin Leabhar.