Bailiúchán Yeats

I 2002, a bhuíochas le flaithiúlacht mhuintir Yeats, fuair Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leabharlann phearsanta William Butler Yeats. Tá cur síos ar ábhar na leabharlainne in A descriptive catalogue of W.B. Yeats's library le Edward O'Shea (Garland, 1985) agus ar líne i The W.B. and George Yeats Library: a short-title catalog le Wayne Chapman (© Clemson University 2006), a bhfuil fáil air ag láithrean gréasáin Clemson University Digital Press.

'Red Hanrahan' le WB Yeats, Macmillan, 1927. Léaráidí le Norah McGuinness.'Red Hanrahan' le WB Yeats, Macmillan, 1927. Léaráidí le Norah McGuinness.

Bhronn muintir Yeats bailiúchán mór d'eagráin de shaothair W.B.Yeats freisin, chomh maith le saothair bheathaisnéiseacha agus léirmheastacha. Tá siad seo sa mbailiúchán LO. Tuigfidh tú nach féidir leis an bpobal ginearálta féachaint ar na leabhair ó Leabharlann Yeats. Mar sin tá cóipeanna d'fhormhór na leabhar ar fáil freisin i mBailiúcháin Ghaeilge agus i mBailiúcháin Ghinearálta na Leabharlainne.

Ar ais chuig Bailiúcháin Leabhar.