Ár Misean
Déanfaidh an Leabharlann an taifead doiciméadach agus intleachtach ar shaol na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú, a chur chun cinn agus a chur ar fáil agus cuirfidh sí le rochtain a sholáthar ar an domhan mór d’eolas taifeadta
Soláthróimid seirbhísí atá oiriúnach d'éilimh ár gcustaiméirí le dea-bhéasaíocht, tráthúlacht agus éifeachtúlacht, i mBéarla nó i nGaeilge, de réir mar is gá. Beidh sé mar aidhm againn leis sin cothroime a bhaint amach idir riachtanais agus éilimh úsáideoirí an lae inniu a shásamh agus an gá atá ann na bailiúcháin a chaomhnú d'úsáideoirí na todhchaí.
Cairt Chustaiméirí
Leagann an Chairt Chustaiméirí amach na caighdeáin seirbhíse lena bhfuil tú i dteideal a bheith ag súil uainne. Agus an tseirbhís seo á soláthar déanfaimid na nithe a leanas:
- Déileáil leat le cúirtéis, proifisiúntacht agus le héifeachtacht
- Cumarsáid a dhéanamh leat i dteanga shoiléir dhíreach
- Fáilte a chur roimh do mholtaí uile
- Timpeallacht a sholáthar a chabhraíonn le staidéar agus taighde
- Déileáil go pras agus go hiomchuí le gearáin
Tá an Chairt Chustaiméirí ar fáil le híoslódáil anseo.
Íoslódáil:
Tabhair faoi deara: Ní cáipéis dhlíthiúil í an chairt chustaiméirí agus níl aon stádas dlíthiúil aici.