Cearta agus Macasamhlú

Macasamhlú Ábhar na Leabharlainne

Tá macasamhlú ábhar na Leabharlainne Náisiúnta trí fhoilsiú (is cuma cén fhormáid meán atá i gceist), trí tharchur nó trí chraoladh, nó i gcomhair taispeána i limistéar poiblí, faoi réir cheadú Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus íocaíocht na táille cuí.

Ní mór cead ábhar a mhacasamhlú ó bhailiúcháin a lorg i scríbhinn roimh ré ó Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Ba cheart go n-áireofaí an fhaisnéis seo a leanas san iarratas ar chead:

  • Teideal agus tagairt leabharlainne na míre á macasamhlú
  • Formáid an mhacasamhlaithe atá beartaithe
  • An rith cló (más saothar foilsithe atá i gceist) agus
  • Limistéar an dáilte – AE nó Ar Fud an Domhain

Má táthar chun íomhá a úsáid don teilifís, do scannán nó do na meáin leictreonacha, cuir na sonraí craolacháin, teideal an chláir agus na léiritheoirí ar fáil.

Ní mór do gach ábhar macasamhlaithe an admháil "A bhuíochas le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann" a bheith ag gabháil leis agus an uimhir thagartha ábhartha a bheith luaite.

Ní mór cead chun aon mhír in Amharc-Bhailiúcháin nó i mBailiúcháin Chlóbhuailte Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a thaispeáint, a fhoilsiú nó a chraoladh a lorg i scríbhinn roimh ré ó:

Bord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
F/Ch na Roinne um Sheirbhísí Léitheora
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2.
Ríomhphost: permissions@nli.ie

Ní mór cead a lorg i scríbhinn roimh ré chun íomhánna d'aon mhír a mhacasamhlú as Bailiúchán Lámhscríbhinní na Leabharlainne Náisiúnta ó:

Colette O'Daly
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Ríomhphost: manuscripts@nli.ie

Ní mór cead a lorg i scríbhinn roimh ré chun aon mhír i mbailiúcháin Oifig an Phríomh-Arailt/na hOifige Ginealais a mhacasamhlú ó:

Colette O'Flaherty
Oifig an Phríomh-Arailt
2 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Ríomhphost: herald@nli.ie  

Táillí

Le tuilleadh eolais a fháil faoi tháillí macasamhlaithe/craolta, téigh i dteagmháil le:
permissions@nli.ie            

Úsáid Phearsanta

Ní ghearrtar táille macasamhlaithe ar bith nuair a ordaítear ábhar i gcomhair úsáid phearsanta amháin.

Inphrionta foilsitheora as 'A History of the Reformation for Children', Acaill, 1851
Inphrionta foilsitheora as 'A History of the Reformation for Children', Acaill, 1851
Naisc Thapa