Féadfaidh aon duine atá níos sine ná 16 bliana iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora. Tabhair aitheantas reatha fótagrafach leat mar shampla Pas/Ceadúnas Tiomána.
Tá ticéid léitheora bailí ar feadh 3 bliana agus is féidir le léitheoirí féachaint ar gach bailiúchán má tá ticéad acu.
Eiseofar Suaitheantas Nuachtáin/Ginealais chuig léitheoirí ar mian leo nuachtáin nó ábhar tagartha a cheadú nó na Seirbhísí Ginealais nó na Seirbhísí Ar Líne a úsáid.
Tá fáilte roimh dhaltaí meánscoile Seirbhísí Ar Líne agus Seirbhísí Ginealais na Leabharlainne a úsáid agus nuachtáin agus ábhar tagartha a cheadú. Féadfar rochtain ar bhailiúcháin leabharlainne ar leith a cheadú ar an gcoinníoll go dtaispeánfar aitheantas agus litir ón scoil ina gcuirfear cuspóir a gcuid taighde in iúl.
Iarratas a dhéanamh ar Thicéad Léitheora
Is féidir iarratas ar thicéad léitheora a dhéanamh inár seomra léitheoireachta, áit a mbeidh ball foirne ar fáil le d’iarratas a phróiseáil.
Ní féidir ticéid a fháil ach amháin trí iarratas pearsanta chuig an Leabharlann.
Féach ár leathanach Uaireanta Oscailte i gcomhair eolais faoi uaireanta oscailte.