Foghlaim ar feadh an tSaoil
Cúrsa Oideachais Aosaigh UCD: W.B. Yeats ag an Leabharlann Náisiúnta
Gerard Dineen, Léachtóir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Déanfaidh an cúrsa ocht seachtaine seo, arna óstáil ag an Leabharlann Náisiúnta, iniúchadh ar shaol agus ar shaothar William Butler Yeats, duine de mhór-fhilí an fichiú haois.
Beidh an cúrsa ar bun ag an am céanna le taispeántas Yeats, agus áireofar leis léachtaí, seimineáir, scannáin agus turais den taispeántas arna dtionlacan ag foireann feighlíochta LNÉ.
Díreoidh sé go príomha ar fhilíocht Yeats, agus scrúdófar na hábhair seo a leanas: freagra an fhile ar Éirí Amach na Cásca; an léiriú a thugann sé ar Maud Gonne, ar an mBantiarna Gregory agus ar Pháirc Chúil agus an spéis a bhí aige sa scríbhneoireacht briotaise agus uathoibritheach. I measc na ngnéithe eile a chlúdófar beidh a chuid drámaí agus óráidí sa Seanad.
Beidh an chéad cúrsa eile ar siúl maidineacha Máirt, ag tosú Dé Máirt an 27 Eanáir agus ag leanúint ar aghaidh go dtí Dé Máirt an 24 Márta 2009.
Déan teagmháil le Rannóg Oideachais Aosaigh UCD chun an t-eolas áirithinte ar fad a fháil.