Spraoi & Foghlaim don Teaghlach

Is éard atá i Tall Tales and Deadly Drawings - Stories for Boys and Girls ná taispeántas de roinnt de na leabhair do leanaí atá i mbailiúcháin na Leabharlainne. Leis an taispeántas ildaite seo atá lán de charachtair, aistreofar thú siar go scéalta d’óige agus féadfaidh sibh teacht ar scéalta nua le chéile.


Tá saothair le cuid de na léiritheoirí is mó le rá agus is tréithí in Éirinn sa taispeántas, agus tá cuid de na carachtair a chruthaigh siad tar éis bailiú leo agus cur fúthu sna háiteanna is aistí sa chuid eile den leabharlann. Déan iarracht teacht orthu agus abair ‘haileo’ leo!

Soiprígí síos ar na málaí pónairí agus léigí scéal le chéile.

Fág duilleog againn agus inis dúinn cad é an leabhar is fearr leat.

Tosaigh do scéal féin ag Stáisiún na hInspioráide.


Tall Tales & Deadly Drawings ar siúl i halla tosaigh phríomhfhoirgnimh na leabharlainne i Sráid Chill Dara.


Léaráid Neamhfhoilsithe le Rosalind Praeger do "The Adventures of the Three Bold Babes ".3053 TX 1
Léaráid Neamhfhoilsithe le Rosalind Praeger do "The Adventures of the Three Bold Babes ".3053 TX 1
Naisc Thapa