Rochtain agus Saoráidí Cóipeála
Rochtain
Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis
Tá léarscáileanna bunaidh fós in imleabhair cheangailte (sa chás sin is féidir iad a cheadú i bPríomhsheomra Léitheoireachta na Leabharlainne) nó aistarraingíodh iad le haghaidh caomhnaithe agus is féidir iad a cheadú trí choinne a dhéanamh. Ba cheart do léitheoirí an liosta a leanas a cheadú chun infhaighteacht a sheiceáil roimh chuairt a thabhairt:
Conserved OSI Maps List Conserved_OSI_Maps_List_April06.pdf (0.01 MB, Adobe PDF)
Léarscáileanna Nua-Aimseartha na Suirbhéireachta Ordanáis
Déantar léarscáileanna agus atlais atá foilsithe i bhfoirm leabhair nó i bhformáid le ceangal bíseach a chatalógú agus a stóráil i dteannta le bailiúchán na leabhar Éireannach agus is féidir iad a cheadú sa Phríomhsheomra Léitheoireachta. Déantar léarscáileanna fillte agus rollaithe (.i. iad siúd ar leathanach amháin) a chaomhnú agus a stóráil i dteannta le bailiúchán na leabhar Éireannach agus is féidir iad a cheadú trí choinne a dhéanamh. Áirítear i measc siúd na léarscáileanna sna Sraitheanna Discovery, Holiday agus City & Town.
Téigh i dteagmháil leis an té seo chun coinne a shocrú:
Honora Faul, Coimeádaí,
Ríomhphost: hfaul@nli.ie Teil: +353 1 6030225.
Tabhair faoi deara: Má tá cóip de shaothar sna bailiúcháin ar fáil ní eiseofar an bunsaothar. I gcúinsí áirithe ní eiseofar bunábhair fiú mura bhfuil cóipeanna ar fáil, mar shampla sa chás go bhfuil an t-ábhar an-cháiréiseach nó an-leochaileach (agus ar tarraingíodh é as cúrsaíocht ar chúiseanna caomhnaithe dá bharr).
Cóipeanna Ionaid Léarscáileanna
Éire, léarscáileanna chéad eagrán 6 orlach (1833-46)
Tá cóipeanna micrifíse de léarscáileanna 6 orlach na Suirbhéireachta Ordanáis (1833-46) d’oileán na hÉireann ar fáil ón Deasc Tagartha sa Phríomhsheomra Léitheoireachta. Tá na léarscáileanna seo ar fáil freisin i bhformáid dhigiteach ar láithreán Gréasáin Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann (www.osi.ie) atá ar fáil do léitheoirí i Seomra na Seirbhísí Ar Líne de chuid na Leabharlainne Náisiúnta.
Baile Átha Cliath, léarscáileanna 5 troigh (1840-47)
Tá digitiú déanta ar na léarscáileanna seo agus iad ar fáil ar láithreán Gréasáin Irish Origins (www.irishorigins.com) atá ar fáil do léitheoirí i Seomra na Seirbhísí Ar Líne de chuid na Leabharlainne Náisiúnta.
Léarscáileanna Stairiúla na Suirbhéireachta Ordanáis ar líne
Tá an Leabharlann Náisiúnta ag glacadh páirte i mórthionscadal digitithe de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann. Cuireann an tionscadal seo rochtain ar líne ar fáil ar léarscáileanna a tháirg an tSuirbhéireacht Ordanáis idir 1829 agus 1913 agus áirítear ann freisin sonraí seanchais (suíomh scoileanna, reiligí, séipéal, tithe na mbocht 7rl.) agus sonraí comhshaoil. Is féidir le léitheoirí féachaint ar na léarscáileanna seo chomh maith leis na sonraí breise seo ar láithreán Gréasáin Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann (www.osi.ie) atá ar fáil do léitheoirí i Seomra na Seirbhísí Ar Líne de chuid na Leabharlainne Náisiúnta.
Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis a chóipeáil
Léarscáileanna SOÉ san fhormáid bhunaidh
Is féidir ordú a chur isteach ar chóipeanna de mhíreanna ón mbailiúchán léarscáileanna ar an gcoinníoll go bhfuil dea-bhail ar an ábhar agus faoi réir shrianta agus theorainneacha dhlí an chóipchirt.
FéachSeirbhísí Cóipeála chun eolas a fháil maidir le praghsanna agus le hordú a dhéanamh.
Léarscáileanna (Micrifís)
Tá seirbhís chun Micrifís a phriontáil ar fáil ar iarratas ón Rannóg Athghrafaice (copy-orders@nli.ie ) Is é €1.00 in aghaidh an leathanaigh an costas atá air. Téigh chuig Seirbhísí Cóipeála chun tuilleadh eolais a fháil.
Léarscáileanna (Ar líne)
Tá priontáil féinseirbhíse leathanaigh aonaracha ó fhoinsí ar líne ar fáil i Seomra na Seirbhísí Ar Líne de chuid na Leabharlainne Náisiúnta. Tá printéir nasctha le gach meaisín rochtana poiblí i seomra na Seirbhísí Ar Líne, agus sa seomra léitheoireachta nua micreascannán. Gearrtar táille €0.10 in aghaidh an leathanaigh.
Is féidir cártaí cóipeála ar luach €1 agus €2 a cheannach sa Rannóg Athghrafaice, ón meaisín cártaí sa Seomra Micreascannán nó sa siopa. Is féidir na cártaí seo a úsáid leis na printéirí féinseirbhíse ar fad.
Téigh chuig Seirbhísí Cóipeála chun tuilleadh eolais a fháil.