Réamhrá

Coinnítear bailiúcháin ghrianghrafadóireachta de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann sa Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta i gceantar Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Cuimsíonn foirgneamh na Cartlainne limistéar stórála nach beag, in éineacht le seomraí dorcha, agus limistéar caomhantais. Tagann soláthar Seomra Léitheoireachta, limistéar Taispeántais agus spás miondíola beag le chéile le rochtain ar na bailiúcháin a fheabhsú.

Baracáidí Bhéal Feirste, Meán Fómhair 1969 (Tag.: INDBF969 10[17]).Baracáidí Bhéal Feirste, Meán Fómhair 1969 (Tag.: INDBF969 10[17]).

Cuimsíonn bailiúcháin ghrianghrafadóireachta na Leabharlainne Náisiúnta isteach is amach le 630,000 grianghraf, agus is cinn Éireannach iad a bhformhór. Cé gur bailiúchán stairiúla iad don chuid is mó tá roinnt bailiúchán comhaimseartha ann freisin. I measc na n-ábhar a chlúdaítear tá ábhair topagrafaíochta agus portráidí stiúideo, agus imeachtaí polaitiúla go dtí luath-ghrianghraif turasóirí. Coinníonn an Leabharlann beartas bailiúcháin ghníomhach agus cuirtear ábhar leis na bailiúcháin go leanúnach; déantar é seo go minic trí bhronntanais ó fhoinsí éagsúla.