Rochtain agus Saoráidí Cóipeála

Aistreofar Seirbhís Tagartha Grianghrafadóireachta na Leabharlainne Náisiúnta ón gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta go príomhfhoirgneamh na Leabharlainne ar Shráid Chill Dara ón Luain 13 Nollaig. Ní bheidh seomra léitheoireachta ar fáil a thuilleadh i mBarra an Teampaill ach cuirfear clár taispeántas bunaithe ar bhailiúcháin ghrianghrafadóireachta na Leabharlainne ar fáil go rialta san ionad Taispeántas.

Rochtain

Rinneadh digitiú ar níos mó ná 33,000 grianghraf as na bailiúcháin Lawrence (Royal & Cabinet), Plátaí Iomlána Poole, Independent Newspaper (1912-1936), Eason, Clarke, Keogh, Stereo Pairs agus Tempest agus is féidir rochtain a fháil orthu in ísealtaifeach tríd an mBunachar Sonraí Grianghraf Digiteach, atá inchuardaithe go hiomlán agus tríd an gCatalóg ar Líne

Tá iontrálacha breise catalóige maidir le roinnt bailiúchán, lena n-áirítear bailiúcháin Mhic Easmainn, Bhord na gCeantar Cúng, Clarke, Hogan, Keogh agus Tilbrook, le fáil ar Chatalóg Ar Líne na Leabharlainne. Tá íomhánna ag dul le roinnt de na hiontrálacha catalóige seo.

Rinneadh catalógú ar chodanna de bhailiúcháin eile agus íomhánna ag gabháil leo, agus is iad sin bailiúcháin Clonbrock, Eason, Independent Newspapers (Éire), Lawrence, Poole, Valentine agus Wiltshire.

Tá bunachair shonraí ar líne againn freisin do Bhailiúcháin Lawrence, Clonbrock, O'Dea agus Poole, a chuireann liostáil ar fáil do na bailiúcháin. Níl fáil ar na híomhánna sa bhunachar sonraí.

Is féidir grianghraif ó bhailiúchán Lawrence de mhéid Imperial a cheadú ar mhicreascannán sa Phríomhsheomra Léitheoireachta. Tá innéacsanna de bhailiúcháin reatha, agus cóip-phriontaí de na híomhánna i gcás roinnt de na bailiúcháin bheaga, le fáil sa Phríomh-Sheomra Léitheoireachta freisin.

Is féidir breathnú ar albaim i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní ach coinne a dhéanamh. Tá fáil ar bhailiúcháin bheaga eile i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní, lena n-áirítear na bailiúcháin seo a leanas: Casement, Hogan-Wilson, Beaslai, Thomas Clarke agus daoine móra ó shaol polaitíochta na hÉireann. Téigh i dteagmháil le baill foirne sa Rannóg Grianghrafadóireachta trí ríomhphost a sheoladh chuig npaoffice@nli.ie.

Le haghaidh eolas ginearálta maidir le grianghraif, cuir ceist ar na Cúntóirí Leabharlainne ar dualgas nó an Leabharlannaí ar dualgas sa Seomra Léitheoireachta.

Ba cheart iarratais níos casta a dhéanamh tríd an bpost, trí fhacs nó ríomhphost.

Saoráidí Cóipeála

Is féidir cóipeanna d'ábhar ón gCartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta a fháil sna formáidí seo a leanas:

  • Priontaí Grianghrafadóireachta
  • Comhaid dhigiteacha (JPG nó TIFF)

Chun eolas a fháil faoi fhormáidí ar bith eile agus faoi phraghsanna, phostas agus íocaíocht, féach ar an rannán Seirbhísí Cóipeála ar an láithreán Gréasáin seo.