Saoráidí Rochtana agus Cóipeála

Rochtain

Teastaíonn Ticéad do Léitheoir le breathnú ar bhailiúchán na dtréimhseachán. De bhrí go mbíonn gá roinnt tréimhseachán a cheangal, bíonn moill ann idir an t-am a fhaigheann an Leabharlann eagrán isteach agus an t-am is féidir é a chur ar fáil don phobal. Déantar é seo lena chinntiú go gcaomhnaítear an t-ábhar atá i gceist ionas go bhfaighidh glúnta Úsáideoirí na Leabharlainne amach anseo rochtain air.

Mar gheall ar chomh cuimsitheach is atá an bailiúchán seo caitear an chuid sin de a stóráil amuigh ón láthair agus mar sin bíonn gá le glaoch 24 / 48 uair an chloig roimh ré i gcás ábhar nach as Éirinn dó.

Saoráidí Cóipeála

Is féidir cóipeanna a fháil d'fhormhór míreanna na mbailiúchán, ar an gcoinníoll go bhfuil dea-bhail ar an ábhar agus nach ndéanfar dochar dó leis an gcóipeáil agus faoi réir srianta agus teorainneacha dhlí an chóipchirt.

Féach rannóg na Seirbhísí Cóipeála den láithreán gréasáin seo i gcomhair eolais um luach agus chun ordú a dhéanamh.