Is iad Cláir na bParóistí Caitliceacha Rómhánacha an phríomhfhoinse don taighde ginealais sa Leabharlann. Tá cóipeanna micreascannáin ag an Leabharlann den chuid is mó de thaifid na bparóistí Caitliceacha in Éirinn a bhaineann leis na blianta anuas go dtí 1880 agus i roinnt cásanna anuas go dtí 1900. Léitear ár mbileog faisnéise ar Stair Teaghlaigh dar teideal 'Parish Registers in the National Library of Ireland' i gcomhair tuilleadh eolais i leith na gclár sin. Is féidir í a íoslódáil anseo:
Thiomsaigh an Leabharlann liosta de na cláir pharóiste agus dá ngairmuimhreacha micreascannáin. Liostaítear na paróistí in ord aibítre de réir deoise i dteannta le dátaí na gclár i ngach aon pharóiste. Chuireamar an liosta clár paróiste, arna roinnt ina cheithre chuid, ar fáil i gcomhair íoslódála, chun cuidiú le do thaighde nuair a thugann tú cuairt ar an Leabharlann: