Rochtain agus Saoráidí Cóipeála

Rochtain

Teastaíonn Ticéad Léitheora le breathnú ar bhailiúchán na bhFoilseachán Oifigiúil.

Tá go leor den ábhar sna bailiúcháin seo ar fáil ar an láthair sa Phríomhleabharlann agus is féidir féachaint air gan fógra a thabhairt roimh ré. Is eisceacht iad foilseacháin AE agus den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, mar aon le hábhar níos sine a bhaineann leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, nach bhfuil le fáil ar an láthair. Teastaíonn fógra cúpla lá chun rochtain a fháil ar na hábhair seo. Téigh i dteagmháil leis an Leabharlannaí atá ar Dualgas chun go dtabharfar chuig an bPríomhleabharlann iad lena bhfeiceáil. Is í an uimhir theileafóin ná +353 (0)1 6030 213.

Saoráidí Cóipeála

Is féidir cóipeanna a fháil d'fhormhór na míreanna sna bailiúcháin, ar an gcuntar go bhfuil dea-bhail ar an ábhar agus nach ndéanfar dochar dó leis an gcóipeáil agus faoi réir shrianta agus theorainneacha dhlí an chóipchirt.

Féach rannóg na Seirbhísí Cóipeála den láithreán gréasáin seo i gcomhair eolais um luach agus chun ordú a dhéanamh.

Acht chun Cosc a chur ar Phrotastúnaigh Idir-phósadh le Pápairí, Baile Átha Cliath 1697.
Acht chun Cosc a chur ar Phrotastúnaigh Idir-phósadh le Pápairí, Baile Átha Cliath 1697.
Naisc Thapa