Rochtain agus Cóipeáil

Rochtain

Is féidir féachaint ar nuachtáin i bhformáid chruachóipe sa Phríomhsheomra Léitheoireachta nó ar mhicreascannán sa Seomra Léitheoireachta Micreascannáin. Ní féidir nuachtáin a eisiúint, áfach, go dtí go mbíonn siad ceangailte nó curtha ar mhicreascannán, rud a chiallaíonn i gcleachtas nach bhfuil na heagráin is déanaí de theidil reatha ar fáil go fóill do léitheoirí lena gceadú. Tá acmhainní nuachtáin ar líne, a chuimsíonn Cartlann Dhigiteach The Irish Times, Cartlanna Nuachtán na hÉireann agus Cartlann Dhigiteach The Times, ar fáil do léitheoirí na Leabharlainne sa Leabharlann féin. Téigh chuig an Ríomh-Leabharlann chun tuilleadh eolais a fháil.

Gníomhaíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann mar leabharlann taifid do ghlúine reatha agus do ghlúine amach anseo. Is meán sobhriste go bunúsach iad nuachtáin agus mar gheall ar chúiseanna caomhnaithe níl roinnt teideal ar fáil go poiblí ina mbunfhormáid; ach tá siad ar fáil ar mhicreascannán. Chomh maith leis sin, ní sa Leabharlann féin a bhíonn roinnt nuachtán stóráilte agus tógann sé roinnt ama iad a fháil. Tá siad seo liostaithe sa Bhunachar Sonraí Nuachtán.

Níl ticéad léitheora riachtanach chun féachaint ar nuachtáin.

Cóipeáil

Nuachtáin (Cruachóip)
Ar chúiseanna caomhnaithe, ní cheadaítear cóipeanna a dhéanamh de nuachtáin sa Leabharlann. Is féidir mar sin féin grianghraf a thógáil de nuachtáin atá i bhfoirm chruachóipe ach sin a iarraidh. Téigh chuig Seirbhísí Cóipeála chun tuilleadh eolais a fháil.

Nuachtáin (micreascannán)
Tá printéirí féinseirbhíse do léitheoirí ar fáil chun priontáil a dhéanamh ar nuachtáin atá ar mhicreascannán. Téigh chuig Seirbhísí Cóipeála chun tuilleadh eolais a fháil.

Nuachtáin (Ar líne)
Tá priontáil fhéinseirbhíse na leathanach aonair ó fhoinsí ar líne ar fáil. Téigh chuig Seirbhísí Cóipeála chun tuilleadh eolais a fháil.

Micreascannáin le díol
Tá rogha teoranta de nuachtáin Éireannacha ar mhicreascannán le díol ag an Leabharlann Náisiúnta. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an leathanach Nuachtáin ar Mhicreascannán.