Iontaobhas Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Baineann an Leabharlann leas mór as bronntanais agus síntiúis fhlaithiúla gach bliain, agus is é cuspóir Iontaobhas Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ná freastal a dhéanamh ar flaithiúlacht na ndaoine sin ar mian leo rud éigin a bhronnadh ar an Leabharlann trí bhronntanas nó tiomnacht. Is comhlacht ceadaithe é Iontaobhas Leabharlann Náisiúnta na hÉireann laistigh den chiall atá le halt 484 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 rud a chiallaíonn go bunúsach go bhfuil bronntanais suas go dtí €12,687 a thugtar don Iontaobhas inasbhainte roimh cháin, faoi réir ag coinníollacha áirithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Iontaobhas, déan teagmháil le do thoil le Anthony Hanlon, Rúnaí an Iontaobhais trí ríomhphost nó glaoch a chur ar 01-6030264.