Rochtain agus Saoráidí Cóipeála
Rochtain
Tá rochtain ar na bailiúcháin cheoil oscailte do gach duine a bhfuil Ticéad Léitheora acu (féach Ticéid Léitheoirí). Is féidir na bailiúcháin seo a leanas a fheiceáil i bPríomh-Sheomra Léitheoireachta na Leabharlainne Náisiúnta: Na bailiúcháin cheol clóite, lena n-áirítear na bailiúcháin cheoil Joly (JM) agus Ceol Eile (Add. Mus.), chomh maith leis an mbailiúchán ginearálta ceoil (MU) agus roinnt bailiúcháin cheoil speisialta; bailiúchán Bryden Thomsan (MU/BT), bailiúchán Bhantracht na Tuaithe (MU/ICA) agus bailiúchán Peggy Doll (MU/PD)
Chun teacht ar na bailiúcháin cheoil lámhscríbhinne téigh trí Sheomra Léitheoireachta na Rannóige Lámhscríbhinní atá suite ar an dara hurlár ag 2-3 Sráid Chill Dara (féach Uaireanta Oscailte).
Is féidir fiosruithe maidir le ceol lámhscríbhinne a dhéanamh chuig an gCartlannaí ar Dualgas trí ríomhphost: manuscripts@nli.ie, trí theileafón +353 1 6030200 nó trí fhacs +353 1 6766690.
Music PAL
Tá an Leabharlann Náisiúnta ina ball de Music PAL. Is scéim í seo a leagadh amach ionas go mbeadh rochtain níos fearr le fáil ar na hacmhainní ceoil atá ar fáil i réimse leathan leabharlann agus cartlann ar fud na hÉireann. Féadfaidh daoine ar mian leo na bailiúcháin cheoil sin a rochtain iarratas a dhéanamh ar Cárta Rochtana Music PAL .
Ní mór do dhaoine ar mian leo féachaint ar bhailiúcháin cheoil na Leabharlainne Náisiúnta (lena n-áirítear daoine a bhfuil Cárta Rochtana Music PAL) acu ticéad léitheora
reatha a bheith acu i gcomhair na Leabharlainne Náisiúnta. Más mian leat cur isteach ar Chárta Rochtana Music PAL téigh i dteagmháil le Comhordaitheoir Music PAL na Leabharlainne, Honora Faul, trí ríomhphost ag music@nli.ie
Tá tuilleadh eolais faoi Music PAL ar fáil anseo.
Saoráidí Cóipeála
Is féidir cóipeanna a fháil d'fhormhór na n-ábhar sna bailiúcháin, ar choinníoll go bhfuil dea-bhail ar an ábhar agus nach ndéanfar dochar dó trína chóipeáil agus faoi réir shrianta agus theorainneacha dhlí an chóipchirt.
Féach ar rannóg na Seirbhísí Cóipeála an láithreáin Gréasáin seo chun eolas a fháil faoi na praghsanna agus chun ordú a dhéanamh.