Rochtain agus Saoráidí Cóipeála
SOCRUITHE NUA SEIRBHÍSÍ DO LÉITHEOIRÍ
Tugadh isteach socruithe nua maidir le Lámhscríbhinní a sheachadadh, lena n-áirítear áis chun iad a ordú roimhré, i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní, ón 4 Eanáir 2011. Iarraimid ar léitheoirí na hamanna seachadta nua seo a thabhairt faoi deara agus iad ag leagan amach clár ama dóibh féin i dtaca lena gcuid taighde.
Luathordú Lámhscríbhinní – trí ríomhphost nó trí theileafón
Tá áis luathordaithe i dtaobh ábhar lámhscríbhinní catalógaithe ar fáil anois, faoi réir srianta sealadacha a bhaineann le rochtain ar ábhair ar leith.
Chun luathordú a dhéanamh i dtaca le seachadadh ábhair ar lá ar leith, ní mór go ndéanfadh ball foirne na Leabharlainne taifead ar d’iarratas faoi 9.00 i.n. ar an lá i gceist. Glacfar le hiarratais luathordaithe i dtaca le seachadadh ábhair lámhscríbhinní trí ríomhphost (manuscriptsrr@nli.ie) nó tríd an teileafón ag (01) 6030 386 (Cartlannaí ar dualgas). Agus tú i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní, is féidir leat luathorduithe a dhéanamh i dtaca le seachadadh ábhair eile ar feadh an lae (5 rud in aghaidh an luathordaithe).
- Agus tú ag comhlánú na foirme thuas, cuir isteach an Uimhir Lámhscríbhinní bhailí, trí sheiceáil a dhéanamh ar an gCatalóg Ar Líne, ar Bhunachar Sonraí Sources, agus ar Bhunachar Sonraí an Bhailiúcháin Lámhscríbhinní. Seo roinnt samplaí d’Uimhreacha Lámhscríbhinní: MS 33,907, MS L 131, MS Map 366, D. 15,409, 21 F 115
- Chun luathordú a dhéanamh i dtaca le seachadadh ábhair ar lá ar leith, ní mór go ndéanfadh ball foirne na Leabharlainne taifead ar d’iarratas faoi 9.00 i.n. ar an lá i gceist.
| Amanna Seachadta | |
|---|
| Luan - Aoine | 9.30 - 10.00 r.n. 12.00 - 12.30 i.n. 2.00 - 2.30 i.n. 4.00 - 4.30 i.n. (Luan - Céadaoin amháin) 3.30 - 4.00 i.n. (Déardaoin - Aoine amháin) |
Luan - Céadaoin (oscailt go déanach) | 6.00 - 6.30 i.n. |
| Satharn | 9.30 - 10.30 r.n. |
- Tabhair dáta sonrach maidir le do chuairt (mar shampla “Dé hAoine 17 Nollaig”).
- Is féidir leat an fhoirm thuas a chomhlánú agus í a sheoladh tríd an bpost nó trí ríomhphost. Is féidir leat an fhoirm a fhágáil freisin ag an gcuntar i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní.
- Más leis an teileafón a dhéanann tú d’ordú, tabhair d’uimhir theileafóin (ar fhaitíos go mbeadh fadhb le d’ordú).
- Mura bhfuil tú in ann do choinne a choinneáil, déan cinnte go dtéann tú i dteagmháil linn.
- Tabhair faoi deara nach dtugaimid uathfhreagraí d’fhonn d’ordú a dheimhniú.
| Sonraí Teagmhála | |
|---|
| Post | An Cartlannaí ar Dualgas, An Rannóg Lámhscríbhinní Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 |
| Ríomhphost | manuscriptsrr@nli.ie |
Teileafón
| +353 1 6030 386 (ó 9.00 r.n. - 12.45 i.n. ; 2.00 i.n. - 5.15 i.n. Luan - Déardaoin; 9 r.n. - 12.45 i.n. ; 2.00 i.n. - 4.45 i.n. Dé hAoine) |
Rochtain
Tá rochtain ar na bailiúcháin lámhscríbhinne oscailte do gach duine a bhfuil Ticéad Léitheora acu (féach Ticéid Léitheoirí).
Tá Seomra Léitheoireachta na Rannóige Lámhscríbhinní suite ar an dara hurlár ag 2-3 Sráid Chill Dara (féach Uaireanta Oscailte).
Tabhair faoi deara: Má tá cóip de shaothar sna bailiúcháin ar fáil ní eiseofar an bunsaothar. I gcúinsí áirithe ní eiseofar bunábhair fiú mura bhfuil cóipeanna ar fáil, mar shampla sa chás go bhfuil an t-ábhar an-cháiréiseach nó an-leochaileach (agus ar tarraingíodh é as cúrsaíocht ar chúiseanna caomhnaithe dá bharr).
Saoráidí Cóipeála
Is féidir le léitheoirí an fótachóipeálaí féinseirbhíse nó a gceamara digiteach féin a úsáid i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní chun lámhscríbhinní áirithe ó shealbhúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a chóipeáil ar mhaithe le taighde nó staidéar príobháideach.
Féach ar na doiciméid seo a leanas chun sonraí a fháil maidir leis na téarmaí agus coinníollacha úsáide, na heisceachtaí agus na treoracha cóipchirt atá i bhfeidhm i gcás an bhailiúcháin lámhscríbhinní:
Is féidir freisin ordú a chur isteach ar chóipeanna de mhíreanna ó na bailiúcháin Lámhscríbhinní i gcomhair úsáid phearsanta, ar an gcoinníoll go bhfuil dea-bhail ar an ábhar agus nach ndéanfar dochar dó leis an gcóipeáil agus faoi réir shrianta agus theorainneacha dhlí an chóipchirt. Comhlánaigh an fhoirm seo a leanas agus déan í a sheoladh chuig James Harte, An Rannóg Lámhscríbhinní, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.
Féach rannán na Seirbhísí Cóipeála den láithreán Gréasáin seo chun tuilleadh eolais a fháil ar phraghsáil agus sheirbhísí athghrafacha i Rannóga eile na Leabharlainne Náisiúnta.
Macasamhlú/Foilsiú
Féach rannán na gCeart agus na Macasamhlacha den láithreán Gréasáin seo i gcomhair eolas ginearálta maidir le macasamhlú agus cearta foilsithe a bhaineann le hábhar de chuid na Leabharlainne Náisiúnta.