An Príomhsheomra Léitheoireachta

Ar an gcéad urlár atá an Príomhsheomra Léitheoireachta agus is é an chéad limistéar ar chóir duit cuairt a thabhairt air más mian leat leas a bhaint as bailiúchán clóbhuailte nó micreascannán na Leabharlainne. Tabharfaidh an Cúntóir Leabharlainne ar dualgas sa Phríomhsheomra Léitheoireachta cúnamh duit agus tú ag lorg eolais.

Tá áit suite do 75 léitheoir sa Phríomhsheomra Léitheoireachta. Tá 8 gcinn de na suíocháin seo curtha in áirithe dóibh siúd a bhfuil leabhair uathúla á léamh acu. Tá áiseanna ar gach bord do ríomhairí glúine, agus tá ocht mbord mhóra curtha in áirithe chun breathnú ar nuachtáin chruachóipe nó ábhair mhórfhormáide.

Cé go bhfuil mórchuid na mbailiúchán féin i limistéir atá dúnta don phobal, tá réimse saothar tagartha ar fáil sa Seomra Léitheoireachta ar mhaithe le caoithiúlacht na n-úsáideoirí.

Áirítear ar na seirbhísí a sholáthraítear sa Phríomhsheomra Léitheoireachta:

  • Cúnamh tagartha
  • Rochtain ar líne ar chatalóga agus ar bhunachair shonraí na Leabharlainne
  • Rochtain ar na catalóga láimhe
  • Bailiúchán saothar tagartha rochtana oscailte
  • Gléasanna fótachóipeála féinseirbhíse
  • Seirbhís athghrafach
  • Acmhainní ar líne

Tá dhá Sheomra Léitheoireachta Micreafhoirmeacha i bpríomhfhoirgneamh na Leabharlainne. Tá ceann díobh suite in aice leis an bPríomhsheomra Léitheoireachta agus saoráidí léitheoireachta micreascannáin do 20 léitheoir ann. Tá 3 léitheoir-phrintéir micreascannáin ann freisin, a chuireann ar chumas na léitheoirí ábhar roghnaithe a chóipeáil go díreach ón micreascannán féin.

Tá Seomra Léitheoireachta Micreascannán eile ar cheann an phríomhstaighre agus 20 léitheoir micreascannáin ann. Is féidir teacht ar réimse acmhainní ar líne ó na trí theirminéal ríomhaire atá sa seomra seo. Tá naoi dteirminéal ríomhaire bhreise sa Seomra Comhairleach Ginealais, áit ar féidir le léitheoirí priontáil ón réimse leathnaithe seirbhísí ar líne anois.

Tabhair faoi deara
: Is áit oibre do thaighdeoirí é an Príomhsheomra Léitheoireachta, mar sin tá teorainn le rochtain ghinearálta dóibh siúd nach léitheoirí iad. Chun deis a thabhairt do chuairteoirí cuairt a thabhairt ar an seomra stairiúil seo, bíonn cead isteach ann ó 9.30 r.n. - 12.00 i.n., Luan-Aoine amháin. Bíonn cuairt threoraithe ghairid ar an Seomra Léitheoireachta ar siúl ag 2.30 i.n. ar an gcéad Satharn gach mí.

Féach Uaireanta Oscailte nó téigh ar Thuras Ar Líne ar an bPríomhsheomra Léitheoireachta.