Cuireann an Leabharlann Náisiúnta fáilte roimh an taispeántas ar líne ‘Reading Europe’

Rannpháirtí is ea Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in The European Library, seirbhís saor in aisce a chuireann rochtain ar fáil d’acmhainní an 48 leabharlann náisiúnta san Eoraip.

Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil ‘Reading Europe’ ar líne anois. Taispeántas nua ilteangach atá ann a chruthaigh The European Library, agus faigheann sé tacaíocht ó Europeana.eu. Cuimsítear beagnach 1,000 de na saothair is spéisiúla ón Eoraip sa taispeántas nua, idir leabhair shárdhíola Shasanacha ón 18ú haois agus leabhair chócaireachta ó na meánaoiseanna. Tá leabhair ó thaispeántas Yeats na Leabharlainne Náisiúnta, a bhfuil gradaim buaite aige, in ‘Reading Europe’ freisin.


Is féidir féachaint ar ‘Reading Europe’ anseo.