Tall Tales & Deadly Drawings: taispeántas nua i gcomhair leanaí idir óg agus aosta

Tar go dtí an Leabharlann Náisiúnta chun ár mbailiúcháin iontach de leabhair Éireannacha do leanaí a fheiceáil mar aon leis na léaráidí leabhair atá againn, Tall Tales & Deadly Drawings: Scéalta do Buachaillí agus do Chailíní sa Leabharlann Náisiúnta. Léigh faoi shaibhreas na scéalta a scríobhadh do leanaí in Éirinn, fág duilleog dhraíochta i do dhiaidh ag insint dúinn faoi do rogha féin, buail le créatúir an chrainn ollmhóir agus bí compordach ar mhála ollmhór pónairí. Bí ag faire amach do na carachtair ó na leabhair ar fud na Leabharlainne - cé mhéad acu a fheicfidh tú?

Beidh Tall Tales & Deadly Drawings ar siúl i halla tosaigh na Leabharlainne Náisiúnta i gcaitheamh 2011.