Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar an ngearrliosta i gcomhair Gradam ríomh-Rialtais

Cuireadh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar an ngearrliosta i gcomhair Gradam ríomh-Rialtais sa chatagóir Foinse Oscailte. Tugann an gradam aitheantas dúinn as an úsáid a bhainimid as bogearraí foinse oscailte, go mór mór VuFind Discovery Interface agus Apache Solr, chun rochtain níos fearr agus níos simplí a chur ar fáil ar na bailiúcháin a chnuasaímid agus a chaomhnaímid ar son an phobail. Is féidir leat torthaí na hoibre sin a fheiceáil inár gCatalóg Ar Líne agus i mBunachar Sonraí na bhFoinsí.

2011 Gearrliosta ríomh-Rialtas2011 Gearrliosta ríomh-Rialtas

Bronntar an Gradam ríomh-Rialtais Foinse Oscailte de bharr páirt a ghlacadh i dtionscadal foinse oscailte agus cur leis. Is féidir é sin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as bogearraí foinse oscailte ar bhealach nuálach, trí bhogearraí lárnacha a fhorbairt, tríd an táirge nó an tseirbhís atá mar thoradh air a thástáil, trí chabhrú le doiciméadú an tionscadail foinse oscailte nó trí sheirbhísí tacaíochta a chur ar fáil. Téann an dámhachtain seo níos faide ná díreach pacáiste foinse oscailte a úsáid, agus aithníonn sé go raibh fíor-rannpháirtíocht phraiticiúil i gceist i dtionscadal nó i bpobal foinse oscailte.

Fógrófar buaiteoirí i ngach catagóir dé hAoine, an 11 Márta, 2011. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar láithreán Gréasáin Gradam ríomh-Rialtais na hÉireann.

Ar ais chuig Nuacht.