Litreacha Orpen faighte agus LNÉ ag ceiliúradh 120 bliain san Fhoirgneamh i Sráid Chill Dara

Is le fionnachtain deich gcinn de litreacha Sir William Orpen a dhéanaimid ceiliúradh ar laethanta deireanacha 2010, bliain inar tháinig méadú 30% ar líon ár gcuairteoirí. Tá Orpen ar cheann de na péintéirí ba mhó a bhí in Éirinn riamh agus ní raibh aon rud ar eolas ag aon duine faoi na litreacha seo leis go dtí seo. Scríobh sé iad in 1901 agus 1917 chuig a athair, AH Orpen, agus fuarthas iad nuair a osclaíodh ceann de chéadta bosca de litreacha aturnaetha. Scríobh sé 3 cinn acu le linn an Chéad Chogadh Domhanda, nuair a bhí sé ina ealaíontóir oifigiúil cogaidh ar an bhFronta Thiar; scríobh sé na litreacha eile in 1901 nuair a bhí sé ar tí pósta agus bhain siad lena iarrachtaí cead agus beannacht a athar a fháil chuige sin.

Beidh na litreacha le feiceáil i dtaispeántas ilmheán de sheoda na Leabharlainne, Léargas ar do Leabharlann Náisiúnta ag 2/3 Sráid Chill Dara, agus ar líne ag www.nli.ie/discover, ón 16 Márta 2011 ar aghaidh.