Scoil Scairte Staire - 'No God and Two St Patricks'

An Seomra Seimineáir, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, 15 Márta ag 7 i.n.

‘No God and Two St Patricks’ – díospóireacht faoi ról ár n-éarlaimh in Éirinn an lae inniu. Bí leis an ‘Máistir’ Tommy Graham agus é i mbun comhrá le Elva Johnson ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, le hiriseoir leis an Sunday Independent, Eamon Delaney, le Mike Cronin ó Boston College agus le Kenneth Milne ón Christ Church Culture Committee. Cúis áthais don Leabharlann páirt a bheith aici sa tsraith speisialta seo.

Ba é eagarthóir History Ireland, Tommy Graham, a smaoinigh ar Scoil Scairte Staire a reáchtáil den chéad uair nuair a bhí sé sa phuball Leviathan ag an bhféile Electric Picnic in 2009. Agus é ag breathnú ar an gceabairé polaitiúil – díospóireacht idirghníomhach a raibh casadh aorach inti – rith sé chuige go bhféadfaí an leagan amach sin a úsáid chomh maith i gcomhair ábhar stairiúil. Bhí an ceart aige agus tá áthas ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann páirt a ghlacadh sa tsraith nuálach seo. 

Tá na ticéid saor in aisce ach ní mór iad a chur in áirithe roimh ré.

Cliceáil anseo chun do thicéad a chur in áirithe