Bealtaine ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Tá an Leabharlann ag comóradh a rannpháirtíochta san Fhéile Bhealtaine trí roinnt ócáidí a eagrú i bpáirt le Age & Opportunity le linn mhí na Bealtaine.

Dé Máirt 10 Bealtaine, 2 i.n - 4 i.n.Memories into Memoir Léacht leis an údar Irene Graham. Seol ríomhphost chugainn ag memoir@nli.ie chun áit a chur in áirithe

Dé Céadaoin 11 & 18 Bealtaine ag 11 r.n. Buneolas faoi Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Bí páirteach linn ag an seisiún eolais agus faigh amach conas ticéad léitheora a fháil, conas na catalóga a chuardach, agus araile. Ní gá áit a chur in áirithe

An Déardaoin 19 Bealtaine ó 11 r.n. go 12.30 i.n. Ceardlann faoi aire a thabhairt do do bhailiúchán pearsanta. Foghlaim conas a thugaimid aire dár mbailiúcháin agus faigh leideanna faoi aire a thabhairt do bhailiúchán féin. Seol ríomhphost chugainn ag learning@nli.ie chun áit a chur in áirithe

Dé Máirt 31 Bealtaine, 8 i.n.Ceolchoirm The Wild Bees' Nest. Bí linn ag oíche amhránaíochta traidisiúnta na hÉireann gan tionlacan faoi stiúir na n-ealaíontóirí Michael Fortune agus Aileen Lambert. Seol ríomhphost chugainn ag learning@nli.ie chun áit a chur in áirithe