Is é Sellotape an Diabhal féin: Ceardlann faoi aire a thabhairt do do bhailiúchán pearsanta.

Is é an bealach is cinnte chun le do chuid leabhair a chothabháil ná caitheamh leo faoi mar a chaithfeá le do leanaí féin. D’éireodh siadsan tinn, cinnte, dá gcoinneofaí iad in atmaisféar róthe, rófhuar, róthais nó róthirim

William Blades, The Enemies of Books, London 1880


Bhí ceardlann speisialta againn i rith mhí na Bealtaine mar chuid d’Fhéile Bhealtaine faoi conas aire a thabhairt do do bailiúchán pearsanta. Ba í Louise O'Connor ónár Rannóg Caomhnaithe, atá ina saineolaí ar shlánú agus ar chaomhnú míreanna páipéir, a reáchtáil an cheardlann.


“Bhí slua an-mhaith i láthair” a deir Louise. "Choinnigh muid neamhfhoirmeálta é ionas nach mbeadh leisce ar dhaoine labhairt. Bhí formhór na ndaoine a tháinig ar an bpinsean ach bhí roinnt daoine níos óige ann chomh maith. Bhí meascán maith saineolais le fáil eatarthu."


I measc na réimsí a ndearnadh plé orthu le linn na ceardlainne bhí: rudaí a chuireann bailiúcháin i mbaol mar dhóiteáin, thuilte agus lotnaidí; cúrsaí timpeallachta mar an teocht; conas rudaí a láimhseáil; agus conas iad a stóráil i gceart. “Ba mhian le daoine rudaí praiticiúla a fhoghlaim" a deir Louise.


Is é an chomhairle atá aici ná "Ná déan iarracht rudaí a dheisiú tú féin." “Is é Sellotape an Diabhal féin: Ná húsáid sellotape choíche! Is féidir le fáiscíní páipéir déanta de mhiotail agus stáplaí damáiste a dhéanamh freisin. Go bunúsach, is an t-aon rud atá le déanamh agat ná an mhír a chosaint. Déan iarracht gan é a láimhseáil an iomarca. Coinnigh ó sholas agus ó theas é agus bain leas as a mhacasamhail más mian leat é a léamh. Is fearr é a choinneáil i bosca bróg i do sheomra leapa ná é a choinneáil thuas san áiléir óir d’fhéadfadh taise agus deannach a bheith san áiléir".


Thug cuid de na daoine a bhí i láthair rudaí óna mbailiúcháin féin go dtí an cheardlann, rudaí mar leabhar ceol ón 18ú haois a raibh droch-chaoi air. "Bhí sé suimiúil mar go raibh a cheangal stáiseanóireachta fós air" a deir Louise. "Nuair a dhéantaí leabhair sa 18ú haois, chuireadh an ceanglóir ceangal sealadach air agus nuair a dhíoltaí an leabhar chuireadh an duine ceangal dá stíl féin air. Bealach níos saoire a bhí ann chun leabhair a dhíol. Bhí an leabhar áirithe seo fós mar a d’fhág an chéad cheanglóir é – ní raibh na leathanaigh bearrtha fiú".


Ba í an cheist ba mhó a bhí ag cur isteach ar na daoine a bhí i láthair ná an bhféadfaí na míreanna a bhí acu a dheisiú. "Is féidir rud ar bith a shocrú" a deir Louise. “Ach is í an cheist atá le cur ná an mian leat am agus airgead a chaitheamh air. Is é an t-éiteas atá ag caomhnóirí ná an t-idirghabháil is lú a dhéanamh. Cé go bhféadfá neart gníomhartha a dhéanamh le rud áirithe, is é an rud is fearr ná an méid is lú is féidir a dhéanamh, agus meas a léiriú ar an rud bunaidh".


Ní chuireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann seirbhísí caomhnaithe ar fáil do dhaoine aonair, ach molaimid duit teagmháil a dhéanamh leis an Irish Professional Conservators’ and Restorers’ Association (IPCRA). Lena chois sin, tá go leor eolais againn faoi conas aire a thabhairt do pháipéir do theaghlaigh ar ár láithreán Gréasáin.