Sealbhaíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann dán le Dora Sigerson Shorter

Fuaireamar rud an-spéisiúil le déanaí ó bhailiúchán Gerard Crofts (1888-1934) a cuireadh ar díol - Dán le Dora Sigerson Shorter ‘They did not see Thy face’ scríofa i bpeannaireacht mhín agus imeall tarraingteach sna dathanna náisiúnta péinteáilte timpeall air in uiscedhathanna ag an gCuntaois Markievicz mar aon le líníocht thíos faoin dán a léiríonn Caitlín Ní hUallacháin cromtha os cionn laoich atá marbh nó leonta. 

Tá an dán feistithe i bhfráma mar aon le féinscríbhinn ‘To Gerald Crofts / Poem by Dora Sigerson Shorter / A rather late in the day wedding gift to one of Ireland’s brave soldiers / from Constance de Markievicz’ mar aon le nóta lámhscríofa ar a bharr ‘Painted by Countess Markievicz in Aylesbury Prison 1917’, agus é sínithe ag Gerard Crofts.

Bhí Crofts ina fhile agus ina amhránaí. Bhí guth breá teanóir aige agus ba gheal le daoine é a bheith ag canadh i gceolchoirmeacha tírghrácha. Bhí a dheartháir Joseph ina chumadóir agus ina phianódóir agus chóiríodh sé ceol. Liostáil Gerard in Óglaigh na hÉireann in 1914 agus throid sé i mBaile Átha Cliath i rith Sheachtain na Cásca. 

Oscail an PDF le féachaint ar an mír ar leith seo. They did not see thy face They did not see Thy face - Dora Sigerson Shorter.pdf (1.76 MB, Adobe PDF)