Faigh Léargas ar do Leabharlann Náisiúnta, Camchuairt Taispeántais, Dé Máirt 3 Bealtaine 2:30

Dé Máirt 3 Bealtaine 2:30 i.n.

Tá fáilte roimh chách agus tá saorchead isteach

I rith mhíonna an tsamhraidh, is féidir leat cuairt a thabhairt ar ár dtaispeántas Léargas ar do Leabharlann Náisiúnta ag 2/3 Sráid Chill Dara.

Is bailiúchán de go leor míreanna ilchineálacha ó ranna uile na Leabharlainne, lena gcuimsítear Gearrshaolta, Priontaí agus Líníochtaí, Lámhscríbhinní, Grianghraif agus Leabhair Chlóbhuailte, atá sa taispeántas.  

I measc na nithe atá ar taispeáint faoi láthair tá lámhscríbhinn mhaisithe den scoth ón nGearmáin ón 15ú haois, agus litir scanrúil William Orpen ón bhFronta Thiar. 

Beidh an chamchuairt seo ar fáil gach iarnóin Mháirt ag 2:30 i.n. i rith mhí na Bealtaine, mhí an Mheithimh, mhí Iúil agus mhí Lúnasa. Tá leagan ar líne den taispeántas ar fáil ag http://www.nli.ie/discover/

 
Drámaí ag LNÉ:'At the Hawk's Well'
Drámaí ag LNÉ:'At the Hawk's Well'
Naisc Thapa