‘An bhean ba mhó in Éirinn’ – radhairc ar shaol na Bantiarna Augusta Gregory
Dé Céadaoin 20 Aibreán, 7.00 i.n.
Tá fáilte roimh chách agus tá saorchead isteach. Ní gá áit a chur in áirithe.
Tugann Ronnie O’Gorman, atá ina chathaoirleach ar Friends of Coole cuireadh dúinn iniúchadh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Augusta Gregory, a chomhbhunaigh Amharclann na Mainistreach.
One City, One Book sa Leabharlann Náisiúnta
Beidh trí imeacht ar siúl ag an Leabharlann Náisiúnta mar chuid d’fhéile Dublin: One City One Book a bheidh ar siúl i mí Aibreáin. Déanann an fhéile ceiliúradh ar úrscéal amháin agus déanfar ceiliúradh i mbliana ar Ghost Light le Joseph O’Connor, a insíonn an scéal faoin gcaidreamh a bhí idir JM Synge agus Molly Allgood. Beidh rogha íomhánna ó bhailiúcháin amharclainne na Leabharlainne a bhaineann le téamaí Ghost Light ar taispeáint i gCaifé Joly i mí Aibreáin.