Taispeántas ó Chéimithe BA sa Ghrianghrafadóireacht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

I mí an Mheithimh, leanfaimid ar aghaidh lenár dtraidisiún a bheith mar óstach ar Thaispeántas Bliantúil ó Chéimithe BA sa Ghrianghrafadóireacht in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, taispeántas a bheidh ar siúl sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill.

Tá taispeántas na bliana 2011 oscailte don phobal ó 4 – 26 Meitheamh, agus tá tionscadail éagsúla grianghrafadóireachta ag 23 mac léinn na bliana deireanaí de chuid Scoil na Meán, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, le feiceáil ann. Léiríonn an taispeántas an tallann atá ag teacht chun cinn i ngrianghrafadóireacht chomhaimseartha na hÉireann agus beidh deis ag daoine na grianghraif a cheannach.


An Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta
Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill
Luan - Satharn 10 r.n. - 5 i.n.
Domhnach 12 i.n. - 5 i.n.

 
Drámaí ag LNÉ:'At the Hawk's Well'
Drámaí ag LNÉ:'At the Hawk's Well'
Naisc Thapa