Library Late

Tá sraith agallamh i gclár Library Late earrach 2011 a fhéachann ar fhicsean móréilimh na hÉireann. Thar trí oíche ó Fheabhra go hAibreán, beidh a gceird á bplé ag roinnt de na scríbhneoirí ficsin móréilimh is mó le rá in Éirinn. Cuir ticéid in áirithe thíos, nó íoslódáil an bróisiúr chun tuilleadh eolais a fháil.


Tá saorchead isteach ag gach imeacht, ach is gá ticéid a chur in áirithe roimh ré.

The Making of a Bestseller: Dé Luain, 28 Feabhra ag 8 i.n.

Is díospóireacht phainéil í an chéad imeacht sa tsraith, ar a bhfuil an craoltóir John Murray ina chathaoirleach, agus beidh sé in éineacht leis an údar Monica McInerney, an gníomhaire liteartha Faith O'Grady agus Maria Dickenson ón Irish Booksellers Association.

Cliceáil anseo chun ticéid a chur in áirithe

Sheila O'Flanagan i mbun comhrá: Dé Céadaoin, 30 Márta ag 8 i.n.

Bí linn chun éisteacht leis an údar sárdhíola Sheila O'Flanagan i mbun comhrá leis an gcraoltóir John Murray.

Cliceáil anseo chun ticéid a chur in áirithe

Sinéad Moriarty agus Cathy Kelly i mbun comhrá: Dé Máirt 12 Aibreán ag 7 i.n.

Bí linn chun éisteacht leis na húdair Sinéad Moriarty agus Cathy Kelly i mbun comhrá leis an gcraoltóir John Murray.

Cliceáil anseo chun ticéid a chur in áirithe

Alex Barclay
Alex Barclay
Naisc Thapa