Fostóir comhdheiseanna is ea an Leabharlann Náisiúnta.
Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge
Réamhrá:
Scothsheirbhís ó Scothfhostaithe
Ag Obair leis an Am atá Thart.....Slite Beatha don Todhchaí. Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, a bunaíodh i 1877, ina leabharlann taisce dlíthiúil a choimeádann bailiúcháin an-suntasacha d’ábhar a bhaineann le hoidhreacht dhoiciméadach na hÉireann, lena n-áirítear leabhair chlóbhuailte, lámhscríbhinní, grianghraif, nuachtáin, priontaí agus tarraingtí srl.
Fostaíonn an Leabharlann 120 ball foirne agus tá sí lonnaithe in áitreabh i Lár Cathrach Bhaile Átha Cliath.
De ghnáth líontar folúntais ag an leibhéal iontrála sa Leabharlann trí chomórtas tar éis fógraí a bheith curtha sna nuachtáin náisiúnta i gcás poist ghairmiúla bhuana (leabharlannaithe, cartlannaithe, caomhnóirí, srl), foireann cléireachais, teicniúla agus riaracháin nó poist shealadacha. Is í an Leabharlann Náisiúnta féin a bhíonn i mbun earcaíochta do na poist sin.
Scoláireachtaí
Tairgeann an Leabharlann Náisiúnta roinnt scoláireachtaí gach bliain. Tá siad seo deartha chun taithí bliana a thabhairt do chéimithe a bhfuil sé i gceist acu iarratas a dhéanamh ar chúrsa sa Staidéar Cartlainne nó sa Leabharlannaíocht. Bíonn scoláireacht eile ar fáil go hiondúil do mhic léinn ardchéime nó do mhic léinn iardhochtúireachta i stair na hÉireann. Bronntar scoláireachtaí i ndiaidh comórtais a fhógraítear sna nuachtáin náisiúnta.