Seirbhísí d'Fhoilsitheoirí

Cuireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann na seirbhísí seo a leanas ar fáil d'fhoilsitheoirí:

Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISSN)Tá Ionad ISSN na hÉireann ag an Leabharlann Náisiúnta freagrach as sraithuimhreacha ISSN a shannadh, saor in aisce, ar shraitheacháin a fhoilsítear i bPoblacht na hÉireann.

Cearta agus Macasamhlú
Eolas d’fhoilsitheoirí maidir le conas cead a fháil macasamhla a dhéanamh d’ábhar ó bhailiúcháin na Leabharlainne.

Ba chóir d'fhoilsitheoirí Éireannacha a bheith ar an eolas freisin faoina gcuid oibleagáidí faoi reachtaíocht na Taisce Dlíthiúla. Léigh an doiciméad seo a leanas le do thoil:
Taisce Dhlíthiúil - Eolas Ginearálta  ISSN_5LegalDeposit.pdf (0 MB, Adobe PDF)

Seoladh Leabhar

Féadfaidh an Leabharlann a bheith ar fáil do sheoladh leabhar tráthnóna Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin ó 5 i.n. ar aghaidh. Bíonn an-tóir ar an ionad le haghaidh ócáidí den sórt seo. Téigh i dteagmháil linn chun breis sonraí a fháil. 

Inphrionta foilsitheora as 'Count Rumford's Essay on Food', Eochaill, 1846.
Inphrionta foilsitheora as 'Count Rumford's Essay on Food', Eochaill, 1846.
Naisc Thapa