Oideachas agus Imeachtaí

Tairgeann an Leabharlann Náisiúnta clár bríomhar taispeántas, imeachtaí agus deiseanna foghlama do gach cineál duine. Lean na naisc thíos chun tuilleadh a fháil amach faoi bhailiúcháin ar leith.

Oideachas
Is acmhainn foghlamtha uathúil iad bailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta do mhic léinn i leith gach gné de stair agus de chultúr na hÉireann.

Taispeántais
Tá eolas sa rannán seo maidir le taispeántais atá ar bun faoi láthair i bhfoirgnimh na Leabharlainne, taispeántais taistil atá ar fáil ar iasacht, taispeántais ar líne, chomh maith le cartlann de thaispeántais roimhe seo.

Imeachtaí
Bíonn éagsúlacht mhór imeachtaí ar siúl sa Leabharlann, lena n-áirítear léachtaí poiblí, aithrisí filíochta agus ceoil, drámaíocht, scéalaíocht leanaí, ceardlanna cruthaitheacha, agus a lán rudaí eile.