Níl Oifig an Phríomh-Arailt ag glacadh le hiarratais nua i láthair na huaire ar dheonú ná ar dhearbhú armais mar gheall ar gharscor an Phríomh-Arailt. Cuirfear tús leis an bpróiseas iarratais arís nuair a dhéanfar ceapachán nua.
Réamhrá
Brainse de Leabharlann Náisiúnta na hÉireann is ea Oifig Phríomh-Aralt na hÉireann. Is iad feidhmeanna Phríomh-Aralt na hÉireann ná armais a dheonú agus a dhearbhú do dhaoine agus do chomhlachtaí corparáideacha. Déantar taifeadadh ar gach armas a dheonaítear i gClár na nArmas, atá ann ó bunaíodh an Oifig i 1552. Is féidir féachaint ar Chlár na nArmas agus ar bhailiúcháin Oifige eile tríd iarratas a dhéanamh trí Sheomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Caithfidh Ticéad Léitheoirí Lámhscríbhinní ar leithligh a bheith ag léitheoirí anuas ar a dTicéad Léitheoirí iomlán chun dul isteach chuig an Seomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní. Téigh i dteagmháil leis an rannóg Ticéid Léitheoirí chun breis sonraí a fháil.
Is féidir eolas maidir leis an bpróiseas iarratais a mbíonn Deonú nó Dearbhú na nArmas mar thoradh air a fháil trí dhul i dteagmháil le hOifig Phríomh-Aralt na hÉireann.
Araltas
Tháinig imeachtaí armais chun cinn i ndeireadh thréimhse na meánaoise mar mhodh aitheantais ar an láthair chatha agus ag an turnaimint. Cuireadh i mbun oibre iad freisin chun doiciméid a fhianú agus chun maoin a aithint. Ionas go mbeadh córas aitheantais éifeachtach, is léir gur theastaigh rialúchán de bhrí go mbeadh míthuiscint ann dá mbeadh níos mó ná duine amháin ag úsáid an armais chéanna. Fostaíodh speisialtóirí, ar a tugadh araltais, mar gheall air sin chun na taifid riachtanacha a choinneáil agus chun comhairle a thabhairt ar gach ábhar gaolmhar. Tá oifigigh armas den sórt sin ag obair ar son na hÉireann ón mbliain 1382. Chruthaigh an Choróin post Mórmhaor Armais Uladh, Aralt uile-Éireann, i 1552 agus lean sé faoin ainm sin go dtí 1943 nuair a aistríodh Oifig na nArmas chuig Rialtas na hÉireann. Athainmníodh é ansin agus tugadh an Oifig Ginealais air. Ó shin i leith, tá an Oifig i mbun oibre mar bhrainse den Leabharlann Náisiúnta agus í faoi threoir Phríomh-Aralt na hÉireann.