Stair Teaghlaigh - Réamhrá

Tugann na mílte daoine cuairt ar an Leabharlann Náisiúnta le dul i mbun taighde staire teaghlaigh. Áirítear le hábhar leabharlainne a úsáideann taighdeoirí staire teaghlaigh micreascannáin na gclár paróiste Caitliceach, cóipeanna de na luachálacha tábhachtacha talún ón naoú haois déag (Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna agus Luacháil Uí Ghríofa), eolairí trádála agus sóisialta, taifid eastáit agus nuachtáin.

Más ag tosú ag déanamh taighde maidir le do shinsearaigh atá tú, molaimid go léifeá ár mbileog treorach um Stair Teaghlaigh dar teideal Getting Started, ar féidir í a íoslódáil thíos, nó d'fhéadfá cuairt a thabhairt ar ár Seirbhís Chomhairleach Ginealais a thairgeann seirbhís shaor in aisce - do dhaoine a bhuaileann isteach chugainn amháin - maidir le hacmhainní atá ar fáil le stair do theaghlaigh a rianú.

Family History - Getting Started NLI_FamilyHistory_GettingStarted.pdf (0.08 MB, Adobe PDF)

Tagairt LNÉ:CDB55
Tagairt LNÉ:CDB55
Naisc Thapa