Réamhrá

Tugann an chuid seo den láithreán rochtain ar Phríomhchatalóg Ar Líne na Leabharlainne, chomh maith le háiseanna cuardaigh eile bunaithe ar bhunachair shonraí. Cé go bhfuil níos mó d'ár mbailiúcháin ar fáil trí na huirlisí ar líne seo, tabhair faoi deara gurb iad na catalóga láimhe sa Leabharlann féin an t-aon bhealach go minic le hábhar a aimsiú. Ba chóir do na léitheoirí a bhfuil brath acu cuairt a thabhairt ar an Leabharlann iad féin, rannóg na mBailiúchán a cheadú i gcomhair sonraí iomlána maidir le gach catalóg, idir chatalóga láimhe agus chatalóga ar líne, atá ar fáil i gcomhair na gcatagóirí éagsúla ábhair.

Catalóg Ar Líne
Tugann Catalóg Ar Líne na Leabharlainne seo rochtain ar an gcuid is mó den ábhar a catalógaíodh roimh 1990 chomh maith le roinnt taifead níos sine a cuireadh leis an gcatalóg mar chuid de thionscadail chomhshó catalóige.

Bunachar sonraí foinse
Foinsí: Is acmhainn ollmhór nua é bunachar sonraí Leabharlann Náisiúnta na hÉireann le haghaidh taighde na hÉireann ina bhfuil breis is 180,000 taifead catalóige do lámhscríbhinní na hÉireann, agus d’ailt i dtréimhseacháin Éireannacha.

Grianghraif Dhigiteacha
Tá an Leabharlann tar éis digitiú a dhéanamh ar bhreis is 33,000 claonchló plátaí gloine ó bhailiúcháin ghrianghrafadóireachta Lawrence Royal & Cabinet, Phlátaí Iomlána Poole, Independent H, Clarke, Eason, Keogh, Stereo Pairs agus Tempest. Is féidir rochtain a fháil ar na híomhánna seo, ar ísealtaifeach agus a bhfuil bunfhaisnéis ag dul leo, tríd an mBunachar Sonraí Grianghraf Digiteach.

Bunachair Shonraí Eile
I gcás roinnt bailiúchán áirithe tá áiseanna breise cuardaigh ar líne ar fáil chun cur le do chuardach Catalóige Ar Líne. Áirítear leo siúd an Bunachar Sonraí Nuachtán; innéacsanna mionsonraithe de bhailiúcháin ghrianghrafadóireachta Lawrence, Clonbrock, O'Dea, agus Poole; bunachar sonraí de Liostaí Bailiúcháin Lámhscríbhinne in-íoslódáilte.

Tagairt LNÉ:INDH2970
Tagairt LNÉ:INDH2970
Naisc Thapa

Is féidir teacht ar fhaisnéis mhionsonraithe maidir le lámhleabhar agus catalóga ar líne anseo: