Stair Oifig an Phríomh-Araltaigh

Údarás Araltach na hÉireann

Údarás an Stáit ar gach ceist a bhaineann le cúrsaí araltacha is ea Príomh-Aralt na hÉireann.

Luaigh an tagairt is luaithe d'aralt armais d'Éirinn 'Chandos Herald', aralt John Chandos. Ceapadh Chandos Herald mar "Rí Armas na hÉireann" in 1382. Bhí roinnt comharbaí ar Chandos, agus is cosúil gur caitheadh leo mar bhaill den English College of Arms, suas go ré rí Edward IV Shasana (1442-1483). Is e Thomas Ashwell an duine is déanaí a bhí i seilbh an phoist a bhfuil taifead ann de. Ní fios ar mhair an post ina dhiaidh.

I 1552 chruthaigh Edward VI Oifig Rí Ultach na nArmas, agus thaifead sé an t-imeacht ina dhialann mar a leanas:

Feb. 2nd. There was a King of Arms made for Ireland, whose name was Ulster, and his province was all Ireland; and he was Fourth Herald of Arms, and first Herald of Ireland

Nílthear cinnte cén fáth ar luadh ainm chúige Uladh leis an bpost. Dilsíodh iarlacht Angla-Normannach Ulaidh do Choróin Shasana ó réimeas Edward IV áfach, agus is é is dóichí gur roghnaíodh an teideal chun an nasc sin a léiriú.

B'é Bartholomew Butler an chéad Rí Ultach Armas. Deonaíodh dó le Litreacha Paitinne ar an 1 Meitheamh 1552 'all rights, profits, commodities and emoluments in that office … with power … of inspecting, overseeing and correcting, and embodying the arms and ensigns of illustrious persons and of imposing and ordaining differences therein, according to the Laws of Arms: of granting Letters Patent of Arms to men of rank and fit persons; and of doing … all things which by right of custom were known to be incumbent of the office of a King of Arms'. Sheas an post go dtí go fuair an sealbhóir deireanach, Sir Nevill Wilkinson, bás i 1941. D'fheidhmigh Thomas Sadlier, Leas-Ultach, an oifig go dtí 1943.

Bhí Stát na hÉireann freagrach as cúrsaí araltacha ó 1943 ar aghaidh. Tháinig an Dr. Edward MacLysaght, leis an teideal 'Príomhoifigeach Ginealais', agus níos déanaí leis an teideal 'Príomh-Aralt na hÉireann', i gcomharbacht ar fheidhmeanna agus chumhachtaí Rí Ultach na nArmas. Cuireadh an seanteideal 'Ultach' leis an bpost 'Norroy King of Arms', ball den English College of Arms.

Tá tuilleadh eolais faoi chúrsai Araltais in Éirinn le híoslódáil anseo:
The History of Heraldry in Ireland Heraldry_in_Ireland.pdf (0.15 MB, Adobe PDF)