1927 anuas go dtí an Lá inniu

Thug an tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 stádas taisce dlíthiúla don LNÉ den chéad uair. Tháinig Richard J. Hayes isteach mar Stiúrthóir sa bhliain 1940, agus athrú tagtha ar an teideal ó Leabharlannaí go Stiúrthóir sa bhliain 1934/35. Tá a rannchur don leabhareolaíocht Éireannach gan sárú; áirítear leis Foinsí do stair na sibhialtachta Éireannaí: Ailt i dtréimhseacháin Éireannacha; foinsí Lámhscríbhinne do stair shibhialtacht na hÉireann, agus (arna thiomsú lena chomhghleacaí Brighid Ní Dhonnchadha) Clár Litridheacht na Nua-Ghaedhilge 1850-1936.

"National Library Sept 7 '43", Anne Yeats (3027 TX 1)."National Library Sept 7 '43", Anne Yeats (3027 TX 1).

Ba é an géarghanntanas spáis an phríomhfhadhb a bhí roimh Patrick Henchy, a tháinig i gcomharbacht ar Hayes mar Stiúrthóir sa bhliain 1967.  Ba sa bhliain 1970/71 a chuir an Dr Kenneth Humphreys, Leabharlannaí Ollscoil Birmingham, tuarascáil isteach inar pléadh cóiríocht, foirniú agus saincheisteanna eile faoi bhráid an Aire Oideachais. Níor foilsíodh an tuarascáil seo riamh. Fuarthas tuilleadh áitreabh sa cheantar mar thoradh air sin - go háirithe uimhreacha 2 agus 3 Sráid Chill Dara (a bhí mar chuid d'áitreabh Chumann Sráid Chill Dara), ina bhfuil Rannóg na Lámhscríbhinní, Oifig an Phríomh-Araltaigh agus limistéar taispeántais anois, agus uimhreacha 4 agus 5 Sráid Chill Dara, agus tugadh gealltanas an Leabharlann a fhorbairt ar shuíomh Sráid Chill Dara. Níor tharla sé sin láithreach bonn. Ba chúis imní arís agus arís eile d'Alf Mac Lochlainn í an fhadhb cóiríochta agus an deontas ceannacháin neamhdhóthanach. D'fheidhmigh seisean mar Stiúrthóir idir na blianta 1976 agus 1982. Ba iad na fadhbanna céanna a bhí ag déanamh tinnis dá chomharba Michael Hewson. Tosaíodh ag athchóiriú an áitribh ar Shráid Chill Dara thiar sa bhliain 1982, agus osclaíodh an Seomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní sa bhliain 1990.

Aistríodh an Leabharlann chuig Roinn an Taoisigh i mí Iúil na bliana 1986. Bunaíodh an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta (an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta anois) sa bhliain 1992, agus ba ise a ghlac freagracht as an Leabharlann. Roghnaíodh Patricia Donlon mar an chéad bhan-Stiúrthóir sa bhliain 1989. Chuaigh an Dr. Donlon ar scor i mí Feabhra na bliana 1997. Bhí Seán Cromien i seilbh an phoist mar Stiúrthóir ar bhonn gníomhach páirtaimseartha anuas go dtí Meán Fómhair 1997, nuair a ceapadh Brendan O Donoghue don phost. Tháinig méadú mór ar líon na foirne i gcaitheamh a thréimhse sé bliana mar Stiúrthóir, amhail an cistiú do shealbhuithe. Osclaíodh an Chartlann Grianghrafadóireachta Náisiúnta, ina bhfuil bailiúcháin ghrianghrafadóireachta na Leabharlainne, i gCearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1998. Táthar tar éis an t-áitreabh ar Lána Laighean, a bhí mar chuid den Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha roimhe seo, a thiontú agus is ann atá an limistéar taispeántais, léachtlann agus Rannóg na bPriontaí agus na Líníochtaí anois.

Is é Aongus Ó hAonghusa atá i seilbh an phoist mar Stiúrthóir ó chuaigh Brendan O Donoghue ar scor i Meán Fómhair na bliana 2003. Athraíodh an chreatlach reachtúil agus riaracháin don Leabharlann trí Acht na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997, trínar tugadh ní ba mhó neamhspleáchais di. Ceapadh Bord na Leabharlainne (ag teacht in ionad Chomhairle na nIontaobhaithe) i mí na Bealtaine 2005, agus is é Gerard Danaher AC atá i gcathaoirleacht air

An staighre ag dul suas go dtí an príomhsheomra léitheoireachta.
An staighre ag dul suas go dtí an príomhsheomra léitheoireachta.
Naisc Thapa