1877 go 1926

I ndiaidh cainteanna idir Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, an Department of Science and Art (Londain) agus Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí (Éire), rinneadh dlí den Dublin Science and Art Museum Act of 1877 (40 & 41 Vict., ch.ccxxxiv), rud a bhunaigh Leabharlann Náisiúnta agus Músaem Náisiúnta. Leis an Acht seo bhíothas in ann go leor de Leabharlann an Chumainn a aistriú, maraon le Leabharlann Joly, chuig an Leabharlann Náisiúnta nua, leabharlann go deimhin a fágadh ar áitreabh an Chumainn i dTeach Laighean go dtí 1890. Rinne Comhairle na nIontaobhaithe maoirsiú ar an Leabharlann nua, agus ba é an Cumann a cheap ochtar acu, agus cheap an Department of Science and Art an ceathrar eile.

Rialacha na Leabharlainne Náisiúnta chun leabhair a cheangal, 1899 (EPH EDU 1890-1900,1).  Rialacha na Leabharlainne Náisiúnta chun leabhair a cheangal, 1899 (EPH EDU 1890-1900,1).

Ag a gcéad chruinniú an 21 Feabhra 1878, cheap na hIontaobhaithe William Archer, leabharlannaí Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, mar an chéad Leabharlannaí. Bhí an Leabharlann Náisiúnta ar cheann de na chéad leabharlanna a chuir Córas Aicmiúcháin Dewey i bhfeidhm. Osclaíodh an foirgneamh atá ann faoi láthair (chomh maith le foirgneamh an Mhúsaeim Náisiúnta), arna dhearadh ag cleachtas ailtireachta Thomas N. Deane and Son, i mí Mheán Fómhair 1890. Bhí an-tóir ar an bhfoirgneamh, rud a thugann na figiúirí do thorthaí bliantúla léitheoirí le fios, cé go raibh fadhb le cúrsaí spáis ón tús, de bhrí nár tugadh an sciathán Thoir, mar a bhí pleanáilte ag an ailtire, chun críche go dtí 1925/26.

Tháinig T. W. Lyster i gcomharbacht ar Archer mar Leabharlannaí i 1895. Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh Cumann na Leabharlann (1905) agus Cumann Leabharlanna Tuaithe na hÉireann. Spreag sé mic léinn Choláiste na hOllscoile a bhí in aice láimhe chun úsáid a bhaint as an Leabharlann freisin. Chomh maith le bheith ina leabharlann thagartha, léirigh an Leabharlann spéis ar leith i mbibleagrafaíocht na hÉireann. Ceapadh Richard Irvine Best, an chéad scoláire Ceilteach ar fhoireann na Leabharlainne, i mí Mhárta 1904. Tá sé féin agus a chuid comhghleacaithe Lyster agus W. K. Magee (an scríbhneoir aistí ‘John Eglinton’) in úrscéal James Joyce Ulysses, a scríobhadh i mBaile Átha Cliath ar an 16 Meitheamh an bhliain chéanna. Is bibleagrafaíochtaí caighdeánacha í bibleagrafaíocht Best Bibliography of Irish philology and of printed Irish literature agus an t-imleabhar a ghabhann leis (a chlúdaíonn na blianta 1913 go dtí 1941) go dtí an lá atá inniu ann.  D'éirigh Lyster as i 1920, agus tháinig Robert Lloyd Praeger i gcomharbacht air. Cuimhnítear ar Praeger mar údar The way that I went. I 1924/25, tar éis bunú Saorstát na hÉireann, aistríodh an Leabharlann chuig an Roinn Oideachais, agus d'fhan sí amhlaidh go dtí 1986. Ceapadh Best mar Leabharlannaí i 1924.

Dealbh den Bhanríon Victoria taobh amuigh den Leabharlann Náisiúnta (Tag LNÉ.:EAS 1772).
Dealbh den Bhanríon Victoria taobh amuigh den Leabharlann Náisiúnta (Tag LNÉ.:EAS 1772).
Naisc Thapa