An tSeirbhís Chomhairleach Ginealais

Seirbhís saor in aisce. Ní gá coinne a dhéanamh.

Tá an tSeirbhís Chomhairleach Ginealais ar fáil saor in aisce do gach duine a thugann cuairt ar an Leabharlann agus ar mian leo taighde a dhéanamh ar stair a dteaghlaigh in Éirinn. I gcás daoine a dhéanann taighde den chéad uair, is pointe tosaigh iontach í an tSeirbhís seo, a thugann deis dóibh a gcuid taighde a phlé le foireann na Leabharlainne a bhfuil taithí acu sna réimsí seo, agus a bhfuil rochtain acu ar áiseanna cuardaigh tábhachtacha. Bíonn fáilte freisin roimh staraithe teaghlaigh a bhfuil taithí níos mó acu leas a bhaint as an tSeirbhís má theastaíonn cúnamh uathu le taighde leanúnach. Féach Uaireanta Oscailte.

Ní chuireann an Leabharlann Náisiúnta seirbhís taighde ar fáil. Chun eolas a fháil ar conas dul i dteagmháil le daoine agus le heagraíochtaí a dhéanann taighde ar bhonn táillí, féach Taighde a Choimisiúnú.